Leabhar mhí an Mhárta 2010

Is é an t-úrscéal Dúnmharú ar an Dart le Ruaidhrí Ó Báille an tríú leabhar a bheidh á phlé ar ClubLeabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

18 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Dúnmharú ar an Dart
Dúnmharú ar an Dart
ISBN 1874700052
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí an Mhárta 2010

Níl Niall Ó Briain sásta ann féin. Tá sé tuirseach dá phost mar mhúinteoir, tá sé tuirseach de scoláirí mar Bill ‘Bréan’ Ó Ruairc a thugann Rottweilers ar scoil ‘don chraic’, agus tá sé tuirseach de thuismitheoirí a dhéanann ‘jabanna’ ar mhúinteoirí nach maith leo. Nuair a bhordálann sé an Dart lá ar a bhealach chun na scoile, i ngan fhios dó féin tá tús á chur aige le turas a thabharfaidh timpeall na hEorpa é, agus a athróidh a shaol ó bhun go barr.