Leabhar mhí na Samhna 2012

Is é An Prionsa Beag le hAntoine de Saint Exupéry, arna d'aistriú go Gaeilge ag Breandán Ó Doibhlin, leabhar mhí na Samhna ar ClubLeabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

2 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

An Prionsa Beag
An Prionsa Beag
Breandán Ó Doibhlin a d’aistrigh go Gaeilge
ISBN 0955625009
Foilsitheoir: Read Ireland

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí na Samhna 2012

Ó foilsíodh an leabhar seo den chéad uair i bhFraincis i 1943 táthar tar éis é a aistriú go breis is 250 teanga eile. Is é ceann de na leabhair is mó díol riamh é agus tá níos mó ná 200 milliún cóip de díolta ar fud an domhain.

Aistear iontach foghlama trí thíortha agus trí phláinéid i bhfad i gcéin atá sa saothar seo. Is aistriúchán iontach é an leagan Gaeilge nach gcailleann blas an bhunsaothair a raibh aigne fhiosrach an duine óig le sonrú chomh mór sin air. Cé go bhfuil teanga an leabhair simplí, tá doimhneacht ag baint leis chomh maith. Is clasaic é seo atá oiriúnach do gach aoisghrúpa.

Sliocht á léamh ag Liam Mac Cóil