Leabhar mhí Eanáir 2013

Is é an cnuasach gearrscéalta Gonta le hAlex Hijmans leabhar mhí Eanáir ar ClubLeabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

4 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Gonta
Gonta
Gearrscéalta
ISBN 9781907494291
Foilsitheoir: Cois Life

Tionscadal ilteangach scríbhneoireachta iad gearrscéalta Gonta a saothraíodh i nGaeilge, in Ollainnis agus i mBéarla. Chruthaigh an t-údar ar dtús iad i mbunteanga amháin díobh sin agus rinne sé na haistriúcháin go dtí an dá theanga eile ina dhiaidh sin.

Foilsíodh cúpla bunscéal Gaeilge san iris Comhar agus bhain ‘What’s a man without a brother?’ (an leagan Béarla de scéal eile) áit amach ar ghearrliosta an Fish Short Story Prize in 2012. Tá sé i gceist ag an údar cuid de na leaganacha Béarla agus Ollainnise a fhoilsiú amach anseo. Ar ndóigh, tá rian teanga eile go láidir ar na scéalta seo freisin: Portaingéilis Bahia, teanga na gcarachtar.