Leabhar mhí na Samhna 2013

Is é an t-úrscéal bleachtaireachta Cú na mBaskerville le hArthur Conan Doyle, aistrithe go Gaeilge ag Nioclás Tóibín, leabhar mhí na Samhna ar ClubLeabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

2 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Cú na mBaskerville
Cú na mBaskerville
ISBN 978-1-78201-014-2
Foilsitheoir: Evertype

Móinteán tréigthe, mallacht clainne, deamhanchú, coirpeach éalaithe, agus blaiseadh den osnádúrthacht sa cheo: Is iad na heilimintí sin a chinntíonn go bhfuil an-tóir ar Cú na mBaskerville i gcónaí. Ba é Nioclás Tóibín a d’aistrigh an leabhar cáiliúil seo de chuid shraith Sherlock Holmes go Gaeilge i 1934.

Ian Ó Caoimh ag léamh sleachta ó Cú na mBaskerville, leabhar mhí na Samhna ar ClubLeabhar.com.