Leabhar mhí na Bealtaine 2010

Is é an t-úrscéal Cúpla Focal le hAnna Heussaff an cúigiú leabhar a bheidh á phlé ar ClubLeabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

37 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Cúpla Focal
Cúpla Focal
ISBN 978-1-901176-76-6
Foilsitheoir: Cois Life

Úrscéal grá agus suirí i stíl éadrom spórtúil ó údar cáiliúil Bás Tobann. Imeachtaí aon tráthnóna amháin, ach ansin is iomaí insint ar eachtraí an aon lae. Oiriúnach d’fhoghlaimeoirí fásta agus mar scíthléitheoireacht. ClubLeabhar.com - Leabhar mhí na Bealtaine 2010

Grá agus mistéir. Scéalta faoi rún. Sa rang Gaeilge do dhaoine fásta, níl gach rud á rá amach os ard. Tá Caoimhe ag éirí cairdiúil leis an múinteoir, Neasán. Ach tá aird ar leith ag Neasán ar Aisling, is cosúil. In imeacht aon tráthnóna amháin, tá ceachtanna crua le foghlaim faoi dhóchas, bhriseadh croí agus chumhacht ghuagach na bhfocal.

Tá tuilleadh eolais faoin leabhar ar fáil ar shuíomh gréasáin an fhoilsitheora, www.coislife.ie.