Leabhar mhí na Nollag 2018

Úrscéal ó pheann Albert Camus (aistrithe ag Diarmuid Ó Gráinne) atá mar leabhar mhí na Nollag ar Clubleabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

21 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

An Strainséara
An Strainséara
ISBN 6660012120321
Foilsitheoir: Coiscéim

Ni hiontas gur baineadh stangadh as an saol nuair a foilsíodh An Strainséara i 1942. Ba ghearr gus aithníodh é ar úrscéalta móra na haoise, agus níl aon mhaolú tagtha ar a cháil ó shin, ach a mhalairt. D’fhógair sé go raibh scríbhneoir den scoth ar an saol, agus léirigh Albert Camus cumas a chruthaitheachta arís ina dhiaidh. Tá an saothar clasaiceach seo ar fáil in nGaeilge ar deireadh thiar, a bhuíochas ar aistriúcháin Dhiarmada Uí Ghráinne, scríbhneoir atá go mór faoi anáil Camus agus nualitríocht na hEorpa trí cheile. Cuireann a réamhrá cúlra staire agus fealsúnachta An Strainséara ar fail, agus tugann réamhfhocal Camus le heagrán 1955 den leabhar leideanna spéisiúla ar a raibh i gceist ag an údar.