Leabhar mhí Mheán Fómhair 2020

Leabhar na míosa seo ná Meascra ón Aer le Marcus Mac Conghail. Tagann ábhar an leabhair seo ón tsraith raidió ‘Meascra’ a rinne Marcus Mac Conghail do Raidió na Gaeltachta.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

11 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Meascra ón Aer
Meascra ón Aer
Foilsitheoir: Coiscéim

Tagann ábhar an leabhair seo ón tsraith raidió ‘Meascra’ a rinne Marcus Mac Conghail do Raidió na Gaeltachta. Iarracht a bhí sa tsraith ardán a thabhairt don scríbhneoireacht nua agus ábhar siamsaíochta (agus machnamh, b’fhéidir) a chur ar fáil. Meascra ceart atá sa leabhar – aistí agóide, gearrscéalta, dánta, cuimhní cinn agus eile agus is iontach an réimse ábhar, stíleanna agus guthanna atá ann le 40 scríbhneoir éagsúil lena n-áirítear Caitríona Ní Chléirchín, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Biddy Jenkinson, Antain Mac Lochlainn, Réaltán Ní Leannáin, Aindrias Ó Cathasaigh, Caitlín Nic Íomhair agus Cathal Póirtéir, gan ach dornán acu a lua.