Leabhar mhí Feabhra 2021

Úrscéal ficsean eolaíochta a scríobhadh i nGaeilge na hAlban is ea Air Cuan Dubh Drilseach. In 2013 a foilsíodh é agus is é an chéad úrscéal ficsean eolaíochta lánfhada a scríobhadh do dhaoine fásta i nGaeilge é. Ghnóthaigh an leabhar seo gradam an ‘First Book of the Year’ do Tim Armstrong ón Saltire Society in 2013. Is é Eoin P. Ó Murchú a d’aistrigh.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

9 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Tinte na Farraige Duibhe
Tinte na Farraige Duibhe

Oiriúnach do Mheánrang 2/B2 nó níos airde
Suitable for Upper Intermediate/B2 or higher
ISBN 978-1-913814-03-8
Foilsitheoir: Leabhar Breac

Thit an long i dtreo an phláinéid dheirg, í ag luasghéarú i gcónaí. Bhí na cúrsóirí á leanúint agus, mar a shíl A-Hiom, bhí siad ag teacht suas leo, beagán ar bheagán. Líon Na Hasta an radharc ar fad a bhí rompu agus chonaic Sál na sraitheanna de scamaill agus stoirmeacha ina nguairneáin, iad oráiste agus bán, ag casadh leo in atmaisféar meirgeach an phláinéid.

Ar a dTeitheadh i Spás-Long Lastais: Beirt ar a dteitheadh ó Roghail, gealach bheag amach ón bpláinéad dearg Na Hasta, is ea Sál agus Ríosa. Éalaíonn siad i spáslong lastais — agus an crogall daonna, an Sáirsint Raithdead, ar a dtóir. Ach amach rompu tá namhaid níos mó agus níos measa — agus gan fhios di féin, tá rún á cheilt ag Ríosa a tharraingeoidh fórsaí uile an Oilc sa mhullach orthu.

Úrscéal ficsean eolaíochta a scríobhadh i nGaeilge na hAlban is ea Air Cuan Dubh Drilseach. In 2013 a foilsíodh é agus is é an chéad úrscéal ficsean eolaíochta lánfhada a scríobhadh do dhaoine fásta i nGaeilge é.

Ghnóthaigh an leabhar seo gradam an ‘First Book of the Year’ do Tim Armstrong ón Saltire Society in 2013. Is é Eoin P. Ó Murchú a d’aistrigh.