Leabhar mhí Aibreáin - 2022

"Chun an táirge seo a dhíol lenár bpáirtithe in earnáil an leighis, táimid chun an saineolas agus an úire a nascadh le chéile." Is mar sin a chuireann bainistíocht na saotharlainne Duprat a straitéis nua páirtnéireachta faoi bhráid na beirte: Guy Farkas, ar a dtugtar 'An Broc-Chú', taistealaí leighis den seandéanamh, agus Jérémy Labionda, feidhmeannach óg rócháilithe a bhfuil sé mar fhreagracht air súil dhiscréideach ar an mBroc-Chú. Anuas air sin, caithfidh siad leagan nua a dhíol de tháirge leighis a bhfuiltear in amhras faoi i mbás na gcéadta othar. Cruálach scaití, scaití eile searbhasach, ach é thar a bheith greannmhar, aor is ea An Broc-Chú ar an saol santach neamhscrupallach ina mairimid. Scéinséir é, scéal faoi chairdeas, sciolladh frithchaiptileach, agus road movie Francach i Citroen CX Salún! Is é Darach Ó Scolaí a d'aistrigh.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

9 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

An Broc-Chú
An Broc-Chú

Oiriúnach do Mheánrang 1/B1 nó níos airde
Suitable for Lower Intermediate/B1 or higher
ISBN 978-1-911363-02-6
Foilsitheoir: Leabhar Breac

“Chun an táirge seo a dhíol lenár bpáirtithe in earnáil an leighis, táimid chun an saineolas agus an úire a nascadh le chéile.” Is mar sin a chuireann bainistíocht na saotharlainne Duprat a straitéis nua páirtnéireachta faoi bhráid na beirte: Guy Farkas, ar a dtugtar ‘An Broc-Chú’, taistealaí leighis den seandéanamh, agus Jérémy Labionda, feidhmeannach óg rócháilithe a bhfuil sé mar fhreagracht air súil dhiscréideach ar an mBroc-Chú. Anuas air sin, caithfidh siad leagan nua a dhíol de tháirge leighis a bhfuiltear in amhras faoi i mbás na gcéadta othar.

Cruálach scaití, scaití eile searbhasach, ach é thar a bheith greannmhar, aor is ea An Broc-Chú ar an saol santach neamhscrupallach ina mairimid. Scéinséir é, scéal faoi chairdeas, sciolladh frithchaiptileach, agus road movie Francach i Citroen CX Salún!

Is é Darach Ó Scolaí a d’aistrigh.