Leabhar mhí na Nollag 2012

Is é An Ghaeilge i gCéin leabhar mhí na Nollag ar ClubLeabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

1 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

An Ghaeilge i gCéin
An Ghaeilge i gCéin
Pobal agus Féiniúlacht Idirnáisiúnta
ISBN 9780955721779
Foilsitheoir: Comhar

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí na Nollag 2012

Tá áit lárnach ag an imirce, an deoraíocht agus an filleadh, corruair, i litríocht na Gaeilge. Tá saothair scríofa ag go leor údar - Máirtín Ó Díreáin, Pádraic Ó Conaire agus Myles na gCopaleen ina measc - maidir le tábhacht na háite dúchais agus leis an gceangal idir féiniúlacht agus an áit dhúchais.

Is bailiúchán aistí é seo a thugann spléachadh ar shaol an chainteora Gaeilge i gcéin. Tá smaointe ann ar fhéiniúlacht na teanga i gcomhthéacs idirnáisiúnta agus an dearcadh úr atá ag an té nach bhfuil ag cur faoi in Éirinn. Tá ailt sa leabhar seo le mic léinn, le teagascóirí, le hiriseoirí agus le gníomhaithe teanga ina ndéantar machnamh ar thábhacht na Gaeilge agus ar an leas a bhaintear aisti i Nua-Eabhrac, cuir i gcás, Ceanada, an Bhrasaíl agus an Rúis. Is leabhar spéisiúil é seo a ina bhfiosraítear nasc idir tír agus teanga agus na féidearthachtaí nua-aimseartha atá i ndán di.