Leabhar mhí na Bealtaine 2015

Is é an cnuasach gearrscéalta Salann Garbh le Joe Steve Ó Neachtain leabhar mhí na Bealtaine ar ClubLeabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

2 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Salann Garbh
Salann Garbh
ISBN 978-1-905560-55-4
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Seo an dara cnuasach gearrscéalta ó Joe Steve Ó Neachtain ó foilsíodh Clochmhóin breis agus deich mbliana ó shin, agus b’fhiú fanacht. Ach, ar ndóigh, níor lig sé a chuid maidí le sruth: tá dhá úrscéal, drámaí agus cnuasach filíochta foilsithe ó shin aige.

Ach is é an filleadh seo ar an ngearrscéal, an fhoirm liteartha is dúchasaí sa nGaeilge, b’fhéidir, a léiríonn máistreacht an údair ar cheird an scríbhneora. Bíonn blas ar an mbeagán, deirtear, agus beidh plátaí á nglanadh agus méarach á liochán nuair a bheas an greim seo slogtha siar.