Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2015

Is é Í Siúd le Siobhán Ní Shúilleabháin leabhar mhí Dheireadh Fómhair ClubLeabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

0 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Í Siúd
Í Siúd
ISBN 1-902420-03-9
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Ainmnithe do Ghradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht 1998.

Ainmnithe do Dhuais Litríochta The Irish Times 1999.

“Is minic léitheoirí Gaeilge ag cáiseamh easnamh na leabhar soléite dea-scríofa a léifí gan dua. Is leabhar den chineál sin é Í Siúd agus ba chóir go mbainfeadh an-chuid léitheoirí taitneamh agus pléisiúr as.” – Máirín Nic Eoin

Léiriú ar an teannas idir an seandearcadh dúchasach agus an meon nua-aoiseach, nua-aimseartha,comhaimseartha; an tuiscint nua-aoiseach á sealbhú ag an bpobal scaití, scaití eile an pobal ag seasamh ina haghaidh. Léiriú ar shaol dheireadh an fichiú haois mar a fheictear do Shiobhán Ní Shúilleabháin é atá sa chnuasach seo, ar an saol laethúil, ar mheon an duine, agus ar an dóigh a bhfuil na hathruithe móra atá ag titim amach sa tsochaí inniu ag dul i bhfeidhm ar an meon sin.