Is an Árainn Mhór i dTír Chonaill do Phroinsias Mac a’ Bhaird. Is múinteoir scoile é atá ag obair san am i láthair i Leitir Ceanainn. Tá idir bhéaloideas, phrós, fhilíocht agus leabhair do pháistí scríofa aige. Is iad Rún an Bhonnáin (úrscéal) agus Faigh Greim ar an Ghrian (filíocht) na leabhair is déanaí uaidh. Bronnadh an chéad duais i gComórtas Filíochta Uí Néill air sa bhliain 2010.
ClubLeabhar.com - Leabhar mhí na Bealtaine 2011
Tá dúnmharfóir i mbun oibre! Ceoltóirí ar an sean-nós á marú aige! Gan de cheangal fánach eatarthu ach nasc aisteach le Cathal Buí Mac Giolla Ghunna, file agus údar ‘An Bonnán Buí’. Rún ársa a bhí ceilte leis na cianta is cúis le scrios agus ár inniu. An fada eile a choinneofar faoi cheilt é nó cé chomh fada is a rachaidh daoine áirithe le Rún an Bhonnáin a chosaint?