Agallamh le hÓrla Ní Chuilleanáin faoin leagan Gaeilge den chlasaic álainn osréalaíoch, Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi le Lewis Carroll

Deireadh Fómhair, 2024
Roinn:

Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, le hÓrla Ní Chuilleanáin faoin leagan Gaeilge den chlasaic álainn osréalaíoch, Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi le Lewis Carroll. Scéal samhraidh atá in ‘Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas’ le Lewis Carroll (Charles Lutwidge Dodgson), a foilsíodh den chéad uair i mí Iúil 1865. Is le paca cártaí a bhaineann roinnt mhaith de charachtair agus d’eachtraí an leabhair sin. Scéal geimhridh is ea an scéal seo, ‘Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi’. Ar chluiche fichille a bunaíodh formhór dá bhfuil ann. Is é Nicholas Williams a chuir an t-aistriúchán Gaeilge ar fáil, a foilsíodh sa bhliain 2003.

Roinn: