Leabhar mhí na Samhna 2024

Bí páirteach sa phlé ar an leabhar seo:

Leabhar mhí na Samhna 2024
Samhain 2024

An Corpán sa Trunc / Réics Carló - Uimhir a Trí 3

Cathal Ó Sándair

‘A Bhriain, a chara, deirim leat go bhfuil troid romhainn. Ní bhfaighimid trócaire ar bith; ní dhéanfaimid trócaire ach chomh beag. Tá an namhaid sa daingean cheana féin. Caithfear é a ruaigeadh gan mhoill, nó beimid ródhéanach.’ Nuair a thuirlingíonn trunc mistéireach ag doras Chaitlín Mhic Gearailt, is beag coinne atá aici leis an uafás atá istigh ann: corpán a fir céile. Bhí an Garda óg Seán Mac Gearailt ar mhisean sár-rúnda do Malcolm Ó Conchubhair, Cheannaire an Bhrainse Lorgaireachta, é ag fiosrú buíon coirpeach atá i bhfad ró-eolach ar ghníomhaíochtaí rúnda na nGardaí agus an Rialtais. Níl aon amhras ar Malcolm – ná ar a chara mór Réics Carló – gur teachtaireacht dó féin atá sa dúnmharú seo: éirigh as an bhfiosrúchán. Láithreach. Isteach sa bhearna bhaoil arís le Réics agus a chúntóir óg, Brian Ó Ruairc, agus iad ag iarraidh Éire a choinneáil slán ó naimhde. Ach cén seans atá acu nuair atá duine mór sa Rialtas, is léir, ag tacú leis na coirpigh?

Gluais don leabhar Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin

Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie

Leabhar mhí na Samhna 2024

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Louisa Ní Éideáin, fuirseoir agus scríbhneoir atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, agus le Conall Mac Dhonnagáin, Oifigeach Gaeilge le Leabhair Pháistí Éireann, faoin úrscéal bleachtaireachta An Corpán sa Trunc le Cathal Ó Sándair.

Leabhair mholta