Leabhar mhí an Mhárta 2026

Bí páirteach sa phlé ar an leabhar seo:

Leabhar mhí an Mhárta 2026
Márta 2026

Na Bróga Peile agus scéalta eile

Seosamh Céitinn

Póg neamhcheadaithe; déantúsán luachmhar a aimsíonn déagóir sa Bhoireann; ciceanna pionóis le glacadh; duine óg ag glacadh páirt sa chlár teilifíse Cé Ar Mhaith Leis A Bheith ina Mhilliúnaí?; aisteoirí amaitéaracha ag dul amach ar stáitse den chéad uair agus go leor eile. Cnuasach spreagúil atá anseo a thugann an léitheoir ar thurais éagsúla: chuig óige an scéalaí i gCorcaigh; chuig cathracha iasachta ar nós Sydney na hAstráile, Manchain agus Londain i Sasana; chuig Oileán Bharra in Albain; chuig Ardoifig an Phoist le linn Éirí Amach na Cásca 1916 agus chuig Láthair an Áir sa bhliain 1914.

Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie

Leabhair mholta