Eithne Ní Ghallchobhair

Eithne Ní Ghallchobhair

Is as iardheisceart Thír Chonaill Eithne Ní Ghallchobhair. Tá sí ina scríbhneoir agus ina scéalaí agus tá duaiseanna Oireachtais agus eile buaite aici sa dá cheird. Tá cúig leabhar foilsithe aici: Anathomia Gydo (2004), Súil (2018), Múscail, a Ghiorria (2020), An Craiceann agus a Luach (2021) agus Caithréim agus Tóir (2024). Tá gearrscéalta léi foilsithe in Irish Pages agus Comhar. Tá an-dúil ag Eithne i seanlitríocht na Gaeilge agus sa bhéaloideas ach go háirithe. Glacann sí páirt in imeachtaí scéalaíochta fud fad na hEorpa.

Leabhair le Eithne Ní Ghallchobhair