Fáilte chuig ClubLeabhar.com
Tá sé mar aidhm ag an gclub léitheoirí in Éirinn agus thar lear a spreagadh agus a thabhairt le chéile chun leabhair a léamh agus a phlé.
Bí i do bhallLeabhar na Míosa

Eachtraí Réics Carló 4: Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh
‘Dúnmharú! Piléar tríd an gcluas! Ar an dé deiridh atá sé! Tagann deireadh tobann leis an gCluiche Ceannais i bPáirc an Chrócaigh nuair a dhúnmharaítear Seán Ó Glaimhín, an t-iománaí is fearr sa tír, ar an bpáirc imeartha. Ach cérbh é an Glaimhíneach seo, i ndáiríre? Cad a bhí ar siúl aige go ndearnadh é a lámhach go poiblí? Agus cé na dreamanna amhrasacha a raibh sé ag obair dóibh? Ar ámharaí an tsaoil bhí Réics Carló, an lorgaire phríobháideach is fearr sa tír, agus a chúntóir óg, Brian Ó Ruairc, i láthair ag an gcluiche. An mbeidh siadsan in ann na ceisteanna sin a fhreagairt agus cabhrú leis na Gardaí cód agus rúndiamhra an cháis a réiteach? Ar eagla nár leor gunna agus intleacht ghéar bíonn Réics Carló i gcónaí in ann brath ar a dhá dhorn má tharlaíonn sé é a bheith i sáinn.
Tuilleadh eolaisConas a oibríonn sé?
An mhí seo
Leabhar na Míosa

Tuilleadh eolaisImeacht na míosa
Seachtain na Leabhar Gaeilge 2025
18 - 25 Deireadh Fómhair 2025
Is ceiliúradh náisiúnta í Seachtain na Leabhar Éireannach ar shiopaí leabhar Éireannacha, leabhair Éireannacha, foilsitheoirí, scríbhneoirí, maisitheoirí agus filí. Beidh neart imeachtaí ar siúl le linn na seachtaine seo.
Tuilleadh eolaisFaoin gclub
Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh agus a thabhairt le chéile chun leabhair Ghaeilge a léamh agus a phlé.
Is féidir le daoine aonair ballraíocht a ghlacadh sa chlub leabhar seo agus a bheith páirteach sa phlé ar líne ach tá sé mar aidhm againn freisin na baill a spreagadh le teacht le chéile ar an láthair in ionaid éagsúla chun leabhar na míosa a phlé. Cuireann ClubLeabhar.com eolas agus acmhainní ar fáil (sleachta agus gluaiseanna) le tacú leis an duine aonair agus le clubanna leabhar áitiúla.
Is tionscadal de chuid Gaelchultúr é ClubLeabhar.com atá maoinithe ag Foras na Gaeilge.
Bí i do bhallAg cothú pobal léitheoireachta Gaeilge.
Bí i do bhall den chlub ar líne, eagraigh club áitiúil, buail le léitheoirí craosacha eile agus roinn do chuid tuairimí agus moltaí.