Fáilte chuig ClubLeabhar.com
Tá sé mar aidhm ag an gclub léitheoirí in Éirinn agus thar lear a spreagadh agus a thabhairt le chéile chun leabhair a léamh agus a phlé.
Bí i do bhallLeabhar na Míosa

Heartstopper 3
Alice OsemanNíor cheap Charlie riamh go mbeadh mothúcháin ag Nick dósan freisin, ach anois tá siad ag siúl amach le chéile. Agus d’inis Nick dá mham é! Ach ní rud é an teacht amach a tharlaíonn uair amháin sa saol – tá deartháir Nick ann, agus turas go Páras, gan trácht ar na cairde agus na baill teaghlaigh eile go léir – agus bíonn an saol crua, fiú agus duine grámhar le do thaobh. De réir mar a rachaidh a gcuid mothúchán i ndoimhneacht, beidh gá níos mó ag Charlie is Nick lena chéile ná mar a bhí riamh cheana.
Tuilleadh eolaisConas a oibríonn sé?
An mhí seo
Leabhar na Míosa

Heartstopper 3
Alice OsemanNíor cheap Charlie riamh go mbeadh mothúcháin ag Nick dósan freisin, ach anois tá siad ag siúl amach le chéile. Agus d’inis Nick dá mham é! Ach ní rud é an teacht amach a tharlaíonn uair amháin sa saol – tá deartháir Nick ann, agus turas go Páras, gan trácht ar na cairde agus na baill teaghlaigh eile go léir – agus bíonn an saol crua, fiú agus duine grámhar le do thaobh. De réir mar a rachaidh a gcuid mothúchán i ndoimhneacht, beidh gá níos mó ag Charlie is Nick lena chéile ná mar a bhí riamh cheana.
Tuilleadh eolaisImeacht na míosa

Oíche Chultúir 2026
18 Meán Fómhair 2026
Is ócáid náisiúnta bhliantúil í an Oíche Chultúir a thugann ardán do shaol cultúrtha na tíre seo agus a thugann deis faoi leith don phobal a bheith páirteach in imeachtaí cultúrtha, ealaíon, agus oidhreachta, saor in aisce. Beidh Oíche Chultúir na bliana seo ar siúl Dé hAoine, 18 Meán Fómhair 2026 agus beidh imeachtaí ar siúl i 21 chontae éagsúil fud fad na tíre. f
Tuilleadh eolaisFaoin gclub
Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh agus a thabhairt le chéile chun leabhair Ghaeilge a léamh agus a phlé.
Is féidir le daoine aonair ballraíocht a ghlacadh sa chlub leabhar seo agus a bheith páirteach sa phlé ar líne ach tá sé mar aidhm againn freisin na baill a spreagadh le teacht le chéile ar an láthair in ionaid éagsúla chun leabhar na míosa a phlé. Cuireann ClubLeabhar.com eolas agus acmhainní ar fáil (sleachta agus gluaiseanna) le tacú leis an duine aonair agus le clubanna leabhar áitiúla.
Is tionscadal de chuid Gaelchultúr é ClubLeabhar.com atá maoinithe ag Foras na Gaeilge.
Bí i do bhallAg cothú pobal léitheoireachta Gaeilge.
Bí i do bhall den chlub ar líne, eagraigh club áitiúil, buail le léitheoirí craosacha eile agus roinn do chuid tuairimí agus moltaí.