Fáilte chuig ClubLeabhar.com

Tá sé mar aidhm ag an gclub léitheoirí in Éirinn agus thar lear a spreagadh agus a thabhairt le chéile chun leabhair a léamh agus a phlé.

Bí i do bhall
Tionscadal de chuid Gaelchutur.com logo
Foras na Gaeilge logo

Leabhar na Míosa

Scéalta Nollag

Scéalta Nollag

Alan Titley

Foilsíodh leaganacha d’fhormhór na scéalta seo i gcolún an údair ‘Crobhingne’ san Irish Times aimsir na Nollag le fiche bliain anuas. Is geall le fabhalscéalta nó athinsintí samhlaíocha iad ar a bhfuil sa Bhíobla, nó neachtar acu, eachtraí atá bunaithe ar thomhaltachas Nollaig na linne seo. Scéal níos faide is ea ‘Lá Breithe’ ar óige Íosa nach bhfuil aon leagan de le fáil sa Tiomna Nua in aon chor, in aon chor. Bhuaigh an scéal seo duais do shaothar spioradáltachta ag Comórtais Liteartha an Oireachtais 2024.

Tuilleadh eolais

Conas a oibríonn sé?

An mhí seo

Údar na míosa

Alan Titley

Alan Titley

Leabhair le Alan Titley

Imeacht na míosa

Seachtain na Leabhar Gaeilge 2025

18 - 25 Deireadh Fómhair 2025

Is ceiliúradh náisiúnta í Seachtain na Leabhar Éireannach ar shiopaí leabhar Éireannacha, leabhair Éireannacha, foilsitheoirí, scríbhneoirí, maisitheoirí agus filí. Beidh neart imeachtaí ar siúl le linn na seachtaine seo.

Tuilleadh eolais
ClubLeabhar.com · Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh - Leabhar mhí na Samhna 2025 | November's Book of the Month 2025

Faoin gclub

Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh agus a thabhairt le chéile chun leabhair Ghaeilge a léamh agus a phlé.

Is féidir le daoine aonair ballraíocht a ghlacadh sa chlub leabhar seo agus a bheith páirteach sa phlé ar líne ach tá sé mar aidhm againn freisin na baill a spreagadh le teacht le chéile ar an láthair in ionaid éagsúla chun leabhar na míosa a phlé. Cuireann ClubLeabhar.com eolas agus acmhainní ar fáil (sleachta agus gluaiseanna) le tacú leis an duine aonair agus le clubanna leabhar áitiúla.

Is tionscadal de chuid Gaelchultúr é ClubLeabhar.com atá maoinithe ag Foras na Gaeilge.

Bí i do bhall

Ag cothú pobal léitheoireachta Gaeilge.

Bí i do bhall den chlub ar líne, eagraigh club áitiúil, buail le léitheoirí craosacha eile agus roinn do chuid tuairimí agus moltaí.

Bí i do bhall