Fáilte chuig ClubLeabhar.com

Tá sé mar aidhm ag an gclub léitheoirí in Éirinn agus thar lear a spreagadh agus a thabhairt le chéile chun leabhair a léamh agus a phlé.

Bí i do bhall
Tionscadal de chuid Gaelchutur.com logo
Foras na Gaeilge logo

Leabhar na Míosa

Sí

Sí

Seán Ó Muireagáin

Is éanacha scoite iad Hannah agus a haintín Brídín a bhfuil cónaí orthu i gceantar tuaithe ar imeall an Atlantaigh, agus tá rúndiamhair dhorcha acu nach féidir leo a roinnt leis an phobal ina maireann siad go síochánta. Ach tarlaíonn eachtraí tubaisteacha a chuireann an tsíocháin sin as a riocht, a chuireann a saol féin i mbaol agus a fhosclaíonn doras ar dhorchadas nach féidir leo a dhúnadh arís. De réir mar a thiteann scáil ar a saol, tuigeann siad go bhfuil súile ag faire go géar orthu agus bagairt ag teacht ón taobh amuigh. I ngéibheann idir an rún agus an eagla, bíonn orthu roghanna crua a dhéanamh, fiú más é an praghas atá le híoc acu ná deireadh a theacht leis an tsuaimhneas a shantaigh siad ariamh.

Tuilleadh eolais

Conas a oibríonn sé?

An mhí seo

Údar na míosa

Seán Ó Muireagáin

Leabhair le Seán Ó Muireagáin

Imeacht na míosa

Seachtain na Leabhar Éireannach 2026

17–24 Deireadh Fómhair

Níl aon rud níos fearr ná siúl isteach i do shiopa leabhar áitiúil, boladh na leabhar nua a fháil, agus teacht ar do chéad scéal eile. Cuireann gach leabhar a cheannaítear spotsolas ar ár gcultúr, ar ár dteanga, agus ar ár scríbhneoirí iontacha. f

Tuilleadh eolais
ClubLeabhar.com · Tóraíocht an Duine ar Bhrí – Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2026 | October's Book of the Month 2026

Faoin gclub

Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh agus a thabhairt le chéile chun leabhair Ghaeilge a léamh agus a phlé.

Is féidir le daoine aonair ballraíocht a ghlacadh sa chlub leabhar seo agus a bheith páirteach sa phlé ar líne ach tá sé mar aidhm againn freisin na baill a spreagadh le teacht le chéile ar an láthair in ionaid éagsúla chun leabhar na míosa a phlé. Cuireann ClubLeabhar.com eolas agus acmhainní ar fáil (sleachta agus gluaiseanna) le tacú leis an duine aonair agus le clubanna leabhar áitiúla.

Is tionscadal de chuid Gaelchultúr é ClubLeabhar.com atá maoinithe ag Foras na Gaeilge.

Bí i do bhall

Ag cothú pobal léitheoireachta Gaeilge.

Bí i do bhall den chlub ar líne, eagraigh club áitiúil, buail le léitheoirí craosacha eile agus roinn do chuid tuairimí agus moltaí.

Bí i do bhall