Fáilte chuig ClubLeabhar.com

Tá sé mar aidhm ag an gclub léitheoirí in Éirinn agus thar lear a spreagadh agus a thabhairt le chéile chun leabhair a léamh agus a phlé.

Bí i do bhall
Tionscadal de chuid Gaelchutur.com logo
Foras na Gaeilge logo

Leabhar na Míosa

An Cleasaí Dubh

An Cleasaí Dubh

Brían Mac a’ Bhaird

Cnuasach úr gearrscéalta ó údar na leabhair Iníon Katie agus Ó Loinsigh agus Mason. Maireann scéalta Bhríain Mhic a’ Bhaird i saol atá idir an coitianta agus an corr – saol ina mbuaileann draíocht na samhlaíochta le gnáthshaol na tuaithe. Tá na carachtair a chruthaíonn sé beo daonna, ach bíonn scáil éiginnteachta ag crochadh tharstu go minic, le seift éigin agus rúndiamhair fite fuaite i scéalta a mbeatha. Léirítear réimse leathan de shaolta sna scéalta seo: tá an greann ann chomh maith leis an ghruaim, leis an uaigneas agus an cairdeas, an fhírinne lom agus an chaimiléireacht. Tugann Mac a’ Bhaird a ghuth sainiúil féin do shaol atá ag athrú, guth atá fréamhaithe sa traidisiún ach atá ag lorg bealaí úra leis an fhírinne a rá amach. Seo leabhar a mheallfaidh an léitheoir isteach sna saolta a nochtar dúinn, áit a mbíonn an gnáthshaol i gcónaí réidh le héirí as an choiteann.

Tuilleadh eolais

Conas a oibríonn sé?

An mhí seo

Údar na míosa

Brían Mac a’ Bhaird

Leabhair le Brían Mac a’ Bhaird

Imeacht na míosa

Féile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath 2026

15 - 24 Bealtaine 2026

Beidh Naoise Dolan i gcomhrá le Emma Ferrari ar an 17 Bealtaine. Agus iad ag tarraingt ar a dtaithí ar mhaireachtáil agus ar obair go hilteangach, scaipfidh an comhrá seo ó Éirinn go dtí an Iodáil agus níos faide i gcéin. Cuireann an ócáid seo dearcadh úr agus casta ar fáil ar scríbhneoireacht na Gaeilge inniu — agus fiafraíonn sí cad a d’fhéadfadh a bheith amach anseo.

Tuilleadh eolais
ClubLeabhar.com · An Cleasaí Dubh - Leabhar mhí an Mheithimh 2026 | May's Book of the Month 2026

Faoin gclub

Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh agus a thabhairt le chéile chun leabhair Ghaeilge a léamh agus a phlé.

Is féidir le daoine aonair ballraíocht a ghlacadh sa chlub leabhar seo agus a bheith páirteach sa phlé ar líne ach tá sé mar aidhm againn freisin na baill a spreagadh le teacht le chéile ar an láthair in ionaid éagsúla chun leabhar na míosa a phlé. Cuireann ClubLeabhar.com eolas agus acmhainní ar fáil (sleachta agus gluaiseanna) le tacú leis an duine aonair agus le clubanna leabhar áitiúla.

Is tionscadal de chuid Gaelchultúr é ClubLeabhar.com atá maoinithe ag Foras na Gaeilge.

Bí i do bhall

Ag cothú pobal léitheoireachta Gaeilge.

Bí i do bhall den chlub ar líne, eagraigh club áitiúil, buail le léitheoirí craosacha eile agus roinn do chuid tuairimí agus moltaí.

Bí i do bhall