Fáilte chuig ClubLeabhar.com
Tá sé mar aidhm ag an gclub léitheoirí in Éirinn agus thar lear a spreagadh agus a thabhairt le chéile chun leabhair a léamh agus a phlé.
Bí i do bhallLeabhar na Míosa

Scéalta Nollag
Alan TitleyFoilsíodh leaganacha d’fhormhór na scéalta seo i gcolún an údair ‘Crobhingne’ san Irish Times aimsir na Nollag le fiche bliain anuas. Is geall le fabhalscéalta nó athinsintí samhlaíocha iad ar a bhfuil sa Bhíobla, nó neachtar acu, eachtraí atá bunaithe ar thomhaltachas Nollaig na linne seo. Scéal níos faide is ea ‘Lá Breithe’ ar óige Íosa nach bhfuil aon leagan de le fáil sa Tiomna Nua in aon chor, in aon chor. Bhuaigh an scéal seo duais do shaothar spioradáltachta ag Comórtais Liteartha an Oireachtais 2024.
Tuilleadh eolaisConas a oibríonn sé?
An mhí seo
Leabhar na Míosa

Scéalta Nollag
Alan TitleyFoilsíodh leaganacha d’fhormhór na scéalta seo i gcolún an údair ‘Crobhingne’ san Irish Times aimsir na Nollag le fiche bliain anuas. Is geall le fabhalscéalta nó athinsintí samhlaíocha iad ar a bhfuil sa Bhíobla, nó neachtar acu, eachtraí atá bunaithe ar thomhaltachas Nollaig na linne seo. Scéal níos faide is ea ‘Lá Breithe’ ar óige Íosa nach bhfuil aon leagan de le fáil sa Tiomna Nua in aon chor, in aon chor. Bhuaigh an scéal seo duais do shaothar spioradáltachta ag Comórtais Liteartha an Oireachtais 2024.
Tuilleadh eolaisImeacht na míosa
Seachtain na Leabhar Gaeilge 2025
18 - 25 Deireadh Fómhair 2025
Is ceiliúradh náisiúnta í Seachtain na Leabhar Éireannach ar shiopaí leabhar Éireannacha, leabhair Éireannacha, foilsitheoirí, scríbhneoirí, maisitheoirí agus filí. Beidh neart imeachtaí ar siúl le linn na seachtaine seo.
Tuilleadh eolaisFaoin gclub
Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh agus a thabhairt le chéile chun leabhair Ghaeilge a léamh agus a phlé.
Is féidir le daoine aonair ballraíocht a ghlacadh sa chlub leabhar seo agus a bheith páirteach sa phlé ar líne ach tá sé mar aidhm againn freisin na baill a spreagadh le teacht le chéile ar an láthair in ionaid éagsúla chun leabhar na míosa a phlé. Cuireann ClubLeabhar.com eolas agus acmhainní ar fáil (sleachta agus gluaiseanna) le tacú leis an duine aonair agus le clubanna leabhar áitiúla.
Is tionscadal de chuid Gaelchultúr é ClubLeabhar.com atá maoinithe ag Foras na Gaeilge.
Bí i do bhallAg cothú pobal léitheoireachta Gaeilge.
Bí i do bhall den chlub ar líne, eagraigh club áitiúil, buail le léitheoirí craosacha eile agus roinn do chuid tuairimí agus moltaí.