Fáilte chuig ClubLeabhar.com
Tá sé mar aidhm ag an gclub léitheoirí in Éirinn agus thar lear a spreagadh agus a thabhairt le chéile chun leabhair a léamh agus a phlé.
Bí i do bhallLeabhar na Míosa

An Cleasaí Dubh
Brían Mac a’ BhairdCnuasach úr gearrscéalta ó údar na leabhair Iníon Katie agus Ó Loinsigh agus Mason. Maireann scéalta Bhríain Mhic a’ Bhaird i saol atá idir an coitianta agus an corr – saol ina mbuaileann draíocht na samhlaíochta le gnáthshaol na tuaithe. Tá na carachtair a chruthaíonn sé beo daonna, ach bíonn scáil éiginnteachta ag crochadh tharstu go minic, le seift éigin agus rúndiamhair fite fuaite i scéalta a mbeatha. Léirítear réimse leathan de shaolta sna scéalta seo: tá an greann ann chomh maith leis an ghruaim, leis an uaigneas agus an cairdeas, an fhírinne lom agus an chaimiléireacht. Tugann Mac a’ Bhaird a ghuth sainiúil féin do shaol atá ag athrú, guth atá fréamhaithe sa traidisiún ach atá ag lorg bealaí úra leis an fhírinne a rá amach. Seo leabhar a mheallfaidh an léitheoir isteach sna saolta a nochtar dúinn, áit a mbíonn an gnáthshaol i gcónaí réidh le héirí as an choiteann.
Tuilleadh eolaisConas a oibríonn sé?
An mhí seo
Leabhar na Míosa

Tuilleadh eolaisImeacht na míosa

Féile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath 2026
15 - 24 Bealtaine 2026
Beidh Naoise Dolan i gcomhrá le Emma Ferrari ar an 17 Bealtaine. Agus iad ag tarraingt ar a dtaithí ar mhaireachtáil agus ar obair go hilteangach, scaipfidh an comhrá seo ó Éirinn go dtí an Iodáil agus níos faide i gcéin. Cuireann an ócáid seo dearcadh úr agus casta ar fáil ar scríbhneoireacht na Gaeilge inniu — agus fiafraíonn sí cad a d’fhéadfadh a bheith amach anseo.
Tuilleadh eolaisFaoin gclub
Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh agus a thabhairt le chéile chun leabhair Ghaeilge a léamh agus a phlé.
Is féidir le daoine aonair ballraíocht a ghlacadh sa chlub leabhar seo agus a bheith páirteach sa phlé ar líne ach tá sé mar aidhm againn freisin na baill a spreagadh le teacht le chéile ar an láthair in ionaid éagsúla chun leabhar na míosa a phlé. Cuireann ClubLeabhar.com eolas agus acmhainní ar fáil (sleachta agus gluaiseanna) le tacú leis an duine aonair agus le clubanna leabhar áitiúla.
Is tionscadal de chuid Gaelchultúr é ClubLeabhar.com atá maoinithe ag Foras na Gaeilge.
Bí i do bhallAg cothú pobal léitheoireachta Gaeilge.
Bí i do bhall den chlub ar líne, eagraigh club áitiúil, buail le léitheoirí craosacha eile agus roinn do chuid tuairimí agus moltaí.