Fáilte chuig ClubLeabhar.com

Tá sé mar aidhm ag an gclub léitheoirí in Éirinn agus thar lear a spreagadh agus a thabhairt le chéile chun leabhair a léamh agus a phlé.

Bí i do bhall
Tionscadal de chuid Gaelchutur.com logo
Foras na Gaeilge logo

Leabhar na Míosa

Tóraíocht an Duine ar Bhrí (Man’s Search for Meaning)

Tóraíocht an Duine ar Bhrí (Man’s Search for Meaning)

Irene Duffy-Lynch

Irene Duffy Lynch a d’aistrigh. Céadfhoilsíodh é an bhliain 1946, agus ón am sin i leith tá breis is 16 milliún cóip de díolta. Tá na glúnta léitheoirí i ndiaidh a bheith gafa go hiomlán leis na tuairiscí a thugann sé ar ainghníomhartha champaí bás na Naitsithe. Ní scéal faoi fhulaingt amháina atá ann, áfach ach iniúchadh domhain ar thóraíocht an duine ar bhrí na beatha. D’aimsigh Viktor Frankl an bhrí sin fiú san cúinní ba dhorcha den bheatha, agus chonaic sé go raibh splancacha dóchais agus áilleachta le fáil san cúinní céanna ainneoin na n uafás do-aithriste in thimpeall.

Tuilleadh eolais

Conas a oibríonn sé?

An mhí seo

Údar na míosa

Irene Duffy-Lynch

Irene Duffy-Lynch

Is craoltóir, múinteoir agus scríbhneoir í Irene Duffy Lynch a chaith seal ag obair i gcúrsaí caidrimh phoiblí in Éirinn, in Washington DC, sa Bhruiséil, san Afraic Thiar agus san Eilvéis. Tá Coiscéim tar éis roinnt mhaith dá saothair aistriúcháin a fhoilsiú – aistriúcháin ar shaothair Viktor E. Frankl, John McGahern, Chinua Achebe agus Sándor Márai ina measc.

Leabhair le Irene Duffy-Lynch

Imeacht na míosa

Seachtain na Leabhar Éireannach 2026

17–24 Deireadh Fómhair

Níl aon rud níos fearr ná siúl isteach i do shiopa leabhar áitiúil, boladh na leabhar nua a fháil, agus teacht ar do chéad scéal eile. Cuireann gach leabhar a cheannaítear spotsolas ar ár gcultúr, ar ár dteanga, agus ar ár scríbhneoirí iontacha. f

Tuilleadh eolais
ClubLeabhar.com · Tóraíocht an Duine ar Bhrí – Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2026 | October's Book of the Month 2026

Faoin gclub

Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh agus a thabhairt le chéile chun leabhair Ghaeilge a léamh agus a phlé.

Is féidir le daoine aonair ballraíocht a ghlacadh sa chlub leabhar seo agus a bheith páirteach sa phlé ar líne ach tá sé mar aidhm againn freisin na baill a spreagadh le teacht le chéile ar an láthair in ionaid éagsúla chun leabhar na míosa a phlé. Cuireann ClubLeabhar.com eolas agus acmhainní ar fáil (sleachta agus gluaiseanna) le tacú leis an duine aonair agus le clubanna leabhar áitiúla.

Is tionscadal de chuid Gaelchultúr é ClubLeabhar.com atá maoinithe ag Foras na Gaeilge.

Bí i do bhall

Ag cothú pobal léitheoireachta Gaeilge.

Bí i do bhall den chlub ar líne, eagraigh club áitiúil, buail le léitheoirí craosacha eile agus roinn do chuid tuairimí agus moltaí.

Bí i do bhall