Fáilte chuig ClubLeabhar.com
Tá sé mar aidhm ag an gclub léitheoirí in Éirinn agus thar lear a spreagadh agus a thabhairt le chéile chun leabhair a léamh agus a phlé.
Bí i do bhallLeabhar na Míosa

Sí
Seán Ó MuireagáinIs éanacha scoite iad Hannah agus a haintín Brídín a bhfuil cónaí orthu i gceantar tuaithe ar imeall an Atlantaigh, agus tá rúndiamhair dhorcha acu nach féidir leo a roinnt leis an phobal ina maireann siad go síochánta. Ach tarlaíonn eachtraí tubaisteacha a chuireann an tsíocháin sin as a riocht, a chuireann a saol féin i mbaol agus a fhosclaíonn doras ar dhorchadas nach féidir leo a dhúnadh arís. De réir mar a thiteann scáil ar a saol, tuigeann siad go bhfuil súile ag faire go géar orthu agus bagairt ag teacht ón taobh amuigh. I ngéibheann idir an rún agus an eagla, bíonn orthu roghanna crua a dhéanamh, fiú más é an praghas atá le híoc acu ná deireadh a theacht leis an tsuaimhneas a shantaigh siad ariamh.
Tuilleadh eolaisConas a oibríonn sé?
An mhí seo
Leabhar na Míosa
Is éanacha scoite iad Hannah agus a haintín Brídín a bhfuil cónaí orthu i gceantar tuaithe ar imeall an Atlantaigh, agus tá rúndiamhair dhorcha acu nach féidir leo a roinnt leis an phobal ina maireann siad go síochánta. Ach tarlaíonn eachtraí tubaisteacha a chuireann an tsíocháin sin as a riocht, a chuireann a saol féin i mbaol agus a fhosclaíonn doras ar dhorchadas nach féidir leo a dhúnadh arís. De réir mar a thiteann scáil ar a saol, tuigeann siad go bhfuil súile ag faire go géar orthu agus bagairt ag teacht ón taobh amuigh. I ngéibheann idir an rún agus an eagla, bíonn orthu roghanna crua a dhéanamh, fiú más é an praghas atá le híoc acu ná deireadh a theacht leis an tsuaimhneas a shantaigh siad ariamh.
Tuilleadh eolaisImeacht na míosa

Gradaim Leabhar na Bliana An Post
1 Nollaig
Tá sé leabhar Gaeilge ar an ngearrliosta i mbliana, ina measc Sí, a léigh ClubLeabhar.com i mí na Samhna, Faraor Géar nár Cailleadh Mé agus Rúnaí an Aire, a léifimid san earrach, agus An Peata is Fearr do pháistí. Cé a bhuafaidh, meas sibh?
Tuilleadh eolaisFaoin gclub
Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh agus a thabhairt le chéile chun leabhair Ghaeilge a léamh agus a phlé.
Is féidir le daoine aonair ballraíocht a ghlacadh sa chlub leabhar seo agus a bheith páirteach sa phlé ar líne ach tá sé mar aidhm againn freisin na baill a spreagadh le teacht le chéile ar an láthair in ionaid éagsúla chun leabhar na míosa a phlé. Cuireann ClubLeabhar.com eolas agus acmhainní ar fáil (sleachta agus gluaiseanna) le tacú leis an duine aonair agus le clubanna leabhar áitiúla.
Is tionscadal de chuid Gaelchultúr é ClubLeabhar.com atá maoinithe ag Foras na Gaeilge.
Bí i do bhallAg cothú pobal léitheoireachta Gaeilge.
Bí i do bhall den chlub ar líne, eagraigh club áitiúil, buail le léitheoirí craosacha eile agus roinn do chuid tuairimí agus moltaí.