Is é an t-úrscéal Dún an Airgid le hÉilís Ní Dhuibhne an chéad leabhar a bheidh á phlé ar ClubLeabhar.com.
Úsáidtear fianáin ar an suíomh seo
Tá fianáin á n-úsáid againn ar ár suíomh gréasáin. Má leanann tú ort gan do chuid socruithe fianáin a athrú, glacfaimid leis go bhfuil tú ag aontú tú lenár bpolasaí fianáin. Is féidir leat do chuid socruithe fianáin a athrú am ar bith.
Tá sé saor in aisce!
Club leabhar Gaeilge ar líne atá anseo.
»Beidh leabhar amháin le léamh agat gach mí.
»Beidh gluais dhátheangach ar fáil le híoslódáil ón suíomh seo chun cuidiú leat an leabhar a léamh.
»Beidh deis agat an leabhar a phlé le daoine eile sna fóraim ar an suíomh seo.
Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.
Tá fáilte romhat chuig ClubLeabhar.com. Is suíomh é seo a bhfuil sé mar aidhm aige lucht na Gaeilge in Éirinn agus thar lear a spreagadh chun leabhair a léamh agus iad a phlé i bhfóram an tsuímh seo. Tuilleadh eolais...
Is é an t-úrscéal Dún an Airgid le hÉilís Ní Dhuibhne an chéad leabhar a bheidh á phlé ar ClubLeabhar.com.
Is é an t-úrscéal Dúnmharú ar an Dart le Ruaidhrí Ó Báille an tríú leabhar a bheidh á phlé ar ClubLeabhar.com.
Is é an t-úrscéal Sobalsaol le Pádraig Standún an dara leabhar a bheidh á phlé ar ClubLeabhar.com.
Is é an cnuasach gearrscéalta Pádraic Ó Conaire – Rogha Scéalta an ceathrú leabhar a bheidh á phlé ar ClubLeabhar.com.
Is é an t-úrscéal Cúpla Focal le hAnna Heussaff an cúigiú leabhar a bheidh á phlé ar ClubLeabhar.com.
Is é an t-úrscéal Ar Muir is ar Sliabh le Dermot Somers an séú leabhar a bheidh á phlé ar ClubLeabhar.com.
Is é an t-úrscéal Gluaiseacht le hAlan Titley an chéad leabhar sa dara sraith de ClubLeabhar.com.
Is é an cnuasach gearrscéalta An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire le Biddy Jenkinson an dara leabhar sa dara sraith de ClubLeabhar.com.
Is é an leabhar taistil Ó Chósta go Cósta le Frank Reidy an tríú leabhar sa dara sraith de ClubLeabhar.com.
Is é an t-úrscéal Sceon na Mara le Liam Ó Muirthile an ceathrú leabhar sa dara sraith de ClubLeabhar.com.
Is é an leabhar taistil Favela le hAlex Hijmans leabhar mhí Eanáir ar ClubLeabhar.com.
Is é an dírbheathaisnéis A Thig Ná Tit Orm le Maidhc Dainín Ó Sé leabhar mhí Feabhra ar ClubLeabhar.com.
Is é an t-úrscéal bleachtaireachta Buille Marfach le hAnna Heussaff leabhar mhí an Mhárta ar ClubLeabhar.com.
Is iad an pacáiste ceithre dhlúthdhiosca Niall Tóibín ag léamh Gearrscéalta le Seán Mac Mathúna agus an cnuasach gearrscéalta Úlla saothair mhí Aibreáin ar ClubLeabhar.com.
Is é an t-úrscéal bleachtaireachta Rún an Bhonnáin le Proinsias Mac a' Bhaird leabhar mhí na Bealtaine ar ClubLeabhar.com.
Is é an leabhar taistil Seal sa Pholainn le hAlan Desmond leabhar mhí an Mheithimh ar ClubLeabhar.com.
Is é aistriúchán Nicholas Williams ar an leabhar cáiliúil do pháistí Alice's Adventures in Wonderland leabhar mhí Mheán Fómhair ar ClubLeabhar.com.
Is é an cnuasach de chuid de na gearrscéalta is lárnaí i litríocht na Nua-Ghaeilge Bás in Éirinn leabhar mhí Dheireadh Fómhair ar ClubLeabhar.com.
Is é an léiriú greannmhar ar fhadhbanna an mhic léinn Lig Sinn i gCathú le Breandán Ó hEithir leabhar mhí na Samhna ar ClubLeabhar.com.
Is é an cnuasach nua gearrscéalta le húdar An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire, Biddy Jenkinson leabhar mhí na Nollag ar ClubLeabhar.com.
Is é an t-úrscéal stairiúil nua, Scéal Ghearóid Iarla, le Máire Mhac an tSaoi leabhar mhí Eanáir ar ClubLeabhar.com.
Is í an díolaim dhátheangach chuimsitheach d'fhilíocht ghrá i nGaeilge ón luathaois go dtí an nua-aois, Filíocht Ghrá na Gaeilge, leabhar mhí Feabhra ar ClubLeabhar.com
Is é Filleann Seoirse, an chéad úrscéal le hÉilis Ní Anluain, leabhar mhí an Mhárta ar ClubLeabhar.com
Is é I gCóngar i gCéin le Pádraig Standún leabhar mhí Aibreáin ar ClubLeabhar.com.
Beirt Bhan Mhisniúla le Pádraig Ó Siadhail atá roghnaithe againn mar leabhar mhí na Bealtaine, ar saothar é a bhain amach an duais sa rannóg “Úrscéal – Ficsean Liteartha” i gComórtas Liteartha an Oireachtais in 2010.
Is é an leabhar taistil Ólann mo Mhiúil as an nGainséis le Gabriel Rosenstock leabhar mhí an Mheithimh ar ClubLeabhar.com.
Is é An Béal Bocht le Myles na gCopaleen leabhar mhí Mheán Fómhair ar ClubLeabhar.com.
Is é Seán Ó Ríordáin: Na Dánta leabhar mhí Dheireadh Fómhair ar ClubLeabhar.com.
Is é An Prionsa Beag le hAntoine de Saint Exupéry, arna d'aistriú go Gaeilge ag Breandán Ó Doibhlin, leabhar mhí na Samhna ar ClubLeabhar.com.
Is é An Ghaeilge i gCéin leabhar mhí na Nollag ar ClubLeabhar.com.
Is é an cnuasach gearrscéalta Gonta le hAlex Hijmans leabhar mhí Eanáir ar ClubLeabhar.com.
Is é an t-úrscéal gaiscíochta An Litir le Liam Mac Cóil leabhar mhí Feabhra ar ClubLeabhar.com.
Is í an tsraith scéalta An Bealach Cóir le Pól Ó Muirí leabhar mhí an Mhárta ar ClubLeabhar.com.
Is é an t-úrscéal Dúil le Liam Ó Flaithearta leabhar mhí Aibreáin ar ClubLeabhar.com.
Is é an t-úrscéal gearr Gealach le Seán Mac Mathúna leabhar mhí na Bealtaine ar ClubLeabhar.com.
Is é an cnuasach álainn Gearrscéalta ár Linne leabhar mhí an Mheithimh ar ClubLeabhar.com.
Is é an t-úrscéal Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi le Lewis Carroll, aistrithe go Gaeilge ag Nicholas Williams, leabhar mhí Mheán Fómhair ClubLeabhar.com.
Is é an t-úrscéal Deargadaoil i mBád fó Thoinn le Pádraic Breathnachach leabhar mhí Dheireadh Fómhair ar ClubLeabhar.com.
Is é an t-úrscéal bleachtaireachta Cú na mBaskerville le hArthur Conan Doyle, aistrithe go Gaeilge ag Nioclás Tóibín, leabhar mhí na Samhna ar ClubLeabhar.com.
Is é an cnuasach pléascach gearrscéalta An Fear a Phléasc le Micheál Ó Conghaile leabhar mhí na Nollag ar ClubLeabhar.com.
Idéalachas, dílseacht, grá... agus caife. Is é an t-úrscéal Aiséirí le hAlex Hijmans leabhar mhí Aibreáin ar ClubLeabhar.com.
Insint úr bhríomhar ar an Táin, nó Táin Bó Cuailgne mar fearr aithne air, atá san úrscéal grafach seo ó Chló Mhaigh Eo, atá roghnaithe againn mar leabhar mhí na Bealtaine ar ClubLeabhar.com.
Cnuasach de scothscéalta a scríobhadh ar dtús i nGaeilge na hAlban, agus a d'aistrigh Antain Mac Lochlainn go Gaeilge, atá in Malairt Scéil, leabhar mhí an Mheithimh ClubLeabhar.com.
Is é Súil le Breith le Pádraig Standún leabhar mhí Mheán Fómhair ClubLeabhar.com.
Is é an t-úrscéal Oileán an Órchiste le Robert Louis Stevenson, aistrithe go Gaeilge ag Darach Ó Scolaí, leabhar mhí Dheireadh Fómhair ClubLeabhar.com.
Is é an cnuasach scéalta béaloidis ón gCian-Oirthear An Diabhal ar an Ól leabhar mhí na Samhna ar ClubLeabhar.com.
Is é an leabhar taistil Seal san Aetóip le Frank Reidy leabhar mhí na Nollag ar ClubLeabhar.com.
Is é Mo Bhealach Féin, dírbheathaisnéis le Seosamh Mac Grianna, leabhar mhí Eanáir ar ClubLeabhar.com.
Is é an t-úrscéal gaiscíochta I dTír Strainséartha le Liam Mac Cóil leabhar mhí Feabhra ar ClubLeabhar.com.
Is é an t-úrscéal An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaí le C.S. Lewis, aistrithe go Gaeilge ag Antain Mac Lochlainn, leabhar mhí an Mhárta ar ClubLeabhar.com.
Is é Anamlón Bliana, deascán díolamtha ó dhialanna an Ríordánaigh, leabhar mhí Aibreáin ar ClubLeabhar.com.
Is é an cnuasach gearrscéalta Salann Garbh le Joe Steve Ó Neachtain leabhar mhí na Bealtaine ar ClubLeabhar.com.
Is é an leabhar álainn taistil Splancanna ó Shaol Eile le hAlex Hijmans leabhar mhí an Mheithimh ar ClubLeabhar.com.
Is é L'Attaque le hEoghan Ó Tuairisc leabhar mhí Mheán Fómhair ClubLeabhar.com.
Is é Í Siúd le Siobhán Ní Shúilleabháin leabhar mhí Dheireadh Fómhair ClubLeabhar.com.
Is é Cogadh na Reann le H.G. Wells, aistrithe go Gaeilge ag Leon Ó Broin, leabhar mhí na Samhna ar ClubLeabhar.com.
Is é Leabhar Nóra Ní Anluain le hAlan Titley leabhar mhí na Nollag ar ClubLeabhar.com.
Is é an cnuasach dátheangach gearrscéalta Caillte i gConamara leabhar mhí Eanáir ar ClubLeabhar.com.
Is é an t-úrscéal comhaimseartha Aisling nó Iníon A le hÉilís Ní Dhuibhne leabhar mhí Feabhra ar ClubLeabhar.com.
Is é an cnuasach gearrscéalta Seacht mBua an Éirí Amach le Pádraic Ó Conaire leabhar mhí an Mhárta ar ClubLeabhar.com.
Is é an t-úrscéal bleachtaireachta Scáil an Phríosúin le hAnna Heussaf leabhar mhí Aibreáin ar ClubLeabhar.com.
Is é an cnuasach gearrscéalta, Dílis, le Réaltán Ní Leannáin leabhar mhí na Bealtaine ar ClubLeabhar.com.
Is é an t-úrscéal bleachtaireachta Réics Carló ar Oileán Mhanann le Cathal Ó Sándair leabhar mhí an Mheithimh ar ClubLeabhar.com.
Is é an t-úrscéal An Tearmann le hAlex Hijmans leabhar mhí Dheireadh Fómhair ar ClubLeabhar.com.
Is é an cnuasach gearrscéalta An Grá Riabhach le Biddy Jenkinson leabhar mhí na Samhna ar ClubLeabhar.com.
Is é An Fuadach, an t-aistriúchán atá déanta ag Darach Ó Scolaí ar Kidnapped le Robert Louis Stevenson, leabhar mhí na Nollag ar ClubLeabhar.com.
Is é Danny Seaimpín an Domhain, an t-aistriúchán atá déanta ag Muiris Ó Raghallaigh ar Danny the Champion of the World le Roald Dahl, leabhar mhí na Eanáir ar ClubLeabhar.com.
Is é an cnuasach gearrscéalta Go mbeinnse choíche saor le Máire Dinny Wren leabhar mhí an Feabhra ar ClubLeabhar.com.
Is é an t-úrscéal trialach nua-aimseartha An Dochtúir Áthas le Liam Mac Cóil leabhar mhí Aibreáin ar ClubLeabhar.com.
Is é an t-úrscéal stairiúil Hula Hul le Seán Mac Mathúna leabhar mhí na Bealtaine ar ClubLeabhar.com.
Is é an cnuasach gearrscéalta, Íbíotsa, le Labhrás Ó Finneadha leabhar mhí an Mheithimh ar ClubLeabhar.com.
Is é an t-aistriúchán ar úrscéal mór le rá Robert Louis Stevenson atá mar leabhar mhí Mheán Fómhair ar ClubLeabhar.com.
Is é cnuasach gearrscéalta Choilm Uí Cheallacháin atá mar leabhar mhí Dheireadh Fómhair ar Clubleabhar.com.
Is é leabhar greannmhar de chuid Ré Ó Laighléis atá mar leabhar mhí na Samhna ar Clubleabhar.com.
Athinsint bhríomhar bheoga ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga atá mar leabhar mhí na Nollag ar Clubleabhar.com.
Cnuasach gearrscéalta nua ó pheann Alex Hijmans atá mar leabhar mhí Eanáir ar Clubleabhar.com.
Cnuasach nua gearrscéalta ó údar Canary Wharf atá mar leabhar mhí Feabhra ar Clubleabhar.com.
Scéal faoi bhean a chailleann a cuid cuimhní ar fad atá mar leabhar mhí an Mhárta ar Clubleabhar.com.
Duaisleabhar gearrscéalta ón úrscéalaí agus gearrscéalaí aitheanta, Beairtle Ó Conaire, atá mar leabhar mhí Aibreáin ar Clubleabhar.com.
Úrscéal "spleodrach, soléite, suimiúil" ó pheann Michelle Nic Pháidín atá mar leabhar mhí na Bealtaine ar Clubleabhar.com.
Is é an leagan Gaeilge de 'Tintin in Tibet' atá mar leabhar mhí an Mheithimh ar Clubleabhar.com.
Is é úrscéal Chathail Uí Shearcaigh atá mar leabhar mhí Mheán Fómhair ar Clubleabhar.com.
Scéal faoi shaol casta bean óg; faoi chúrsaí clainne, faoi chairdeas agus faoin gceol atá mar leabhar mhí Dheireadh Fómhair ar Clubleabhar.com.
Leagan Gaeilge de scéal de chuid Roald Dahl atá mar leabhar mhí na Samhna ar Clubleabhar.com.
Úrscéal ó pheann Albert Camus (aistrithe ag Diarmuid Ó Gráinne) atá mar leabhar mhí na Nollag ar Clubleabhar.com.
Leabhar ó pheann Dhéagláin de Bréadún atá mar leabhar mhí Eanáir ar Clubleabhar.com.
Tá an t-iriseoir, Bríd, ar ais san ardchathair agus í ag treabhadh léi ina gairm dhúshlánach – ach tá coimhlint sa seomra nuachta. Nuair a thagann sí ar scéal mór na bliana, measctar dualgais an iriseora le tromluí scanrúil an tsaoil. Téann Bríd ar thóir na fírinne ar fud na hardcathrach … Coinnigh ort ag léamh agus neosfaidh an aimsir!
Leanann Tintin agus Báinín leideanna aisteacha a chuireann sa tóir ar chairtéal drugaí iad.
Cnuasacht scéalta le Seán Ó Muireagáin.
Bhí plean déanta ag Emily Porter dá laethanta saoire samhraidh i 1994; bhí sí chun fanacht sa leaba go dtí meán lae agus an chuid eile den lá a chaitheamh lena cara is fearr, Olivia. Ach i ngan fhios di, bhí plean eile ag a tuismitheoirí.
Úrcéal faoi bhean óg as Málta in aimsir an Chéad Chogaidh Dhomhanda atá mar leabhar mhí Dheireadh Fómhair ar Clubleabhar.com.
Is é úrscéal Phroinsiais Mhic a Bhaird atá mar leabhar mhí Mheán Fómhair ar Clubleabhar.com.
Is é úrscéal scríofa ag Pádraig Ua Maoileoin atá mar leabhar mhí na Samhna ar Clubleabhar.com.
Is é an scéal is cáiliúla le Roald Dahl, Charlie agus Monarcha na Seacláide, atá mar leabhar mhí na Nollag.
Is é aistrúchán ar ‘Amongst Women’ le John McGahern atá mar leabhar mhí Eanáir ar Clubleabhar.com.
Is é ‘Cuir i gCéill’, an leabhar corraitheach le Celia de Fréine, atá mar leabhar mhí Feabhra ar Clubleabhar.com.
Is é úrscéal le Proinsias Mac a’ Bhaird atá mar leabhar mhí an Mhárta ar Clubleabhar.com.
Leabhar na míosa seo ná an t-úrscéal nua le Mícheál Ó Conghaile.
Leabhar na míosa seo ná Eachtraí Tintin: An tOileán Dubh.
Leabhar na míosa seo ná Cnámh, cnuasach gearrscéalta le hEoghan Mac Giolla Bhríde.
Leabhar na míosa seo ná Meascra ón Aer le Marcus Mac Conghail. Tagann ábhar an leabhair seo ón tsraith raidió ‘Meascra’ a rinne Marcus Mac Conghail do Raidió na Gaeltachta.
Eagrán álainn Gaeilge den tseanchlasaic le John Steinbeck 'Of Mice and Men' atá mar leabhar mhí Dheireadh Fómhair ar Clubleabhar.com.
Is é úrscéal scríofa ag Beairtle Ó Conaire atá mar leabhar mhí na Samhna ar Clubleabhar.com.
Is é leagan den greannán cáiliúil, Asterix agus an Corrán Óir, atá mar leabhar mhí na Nollag.
Aistriúchán Gaeilge ar Life of Pi le Yann Martel.
Úrscéal ficsean eolaíochta a scríobhadh i nGaeilge na hAlban is ea Air Cuan Dubh Drilseach. In 2013 a foilsíodh é agus is é an chéad úrscéal ficsean eolaíochta lánfhada a scríobhadh do dhaoine fásta i nGaeilge é. Ghnóthaigh an leabhar seo gradam an ‘First Book of the Year’ do Tim Armstrong ón Saltire Society in 2013. Is é Eoin P. Ó Murchú a d’aistrigh.
“10 gcinn de scéalta gearra, blas na dírbheathaisnéise ar chuid díobh, fuinte as tréimhse sin na gcaogaidí agus na seascaidí sa tír seo roimh an athrú saoil tobann a tharla ina dhiaidh sin. Saol eile ar fad a bhí ann an t-am sin ar ndóigh seachas an saol a chleacht aon duine atá faoi bhun an dá scór inniu. Is go fíorthobann a d’athraigh an saol in Éirinn le teacht an tsaoroideachais i lár na seascaidí agus na forbairtí nua a tháinig sa saol anseo le cósta. Ach is mairg a thabharfadh dúshlán na cinniúna mar nach beag a cheap muid dhá mhí ó shin gur siocair bháis póg a thabhairt do mhamó.” Sliocht as léirmheas le Máire Ní Fhinneadha ar Tuairisc.ie.
Cnuasach gearrscéalta ón scríbhneoir aitheanta Réaltán Ní Leannáin. Tarraingíonn Réaltán ar a taithí féin mar mhúinteoir, mar mháthair, mar iníon agus mar ghar-iníon sna scéalta seo a thiteann amach thar réimse suíomhanna stairiúla agus comhaimseartha, le bailiúchán scéalta a chur i láthair atá mealltach agus a thugann ábhar machnaimh don léitheoir. Ó Bhéal Feirste an chéid seo caite go Baile Átha Cliath na linne seo, treoraíonn Réaltán go cumasach muid tríd chalaois, lúbaireacht agus uisce faoi thalamh. Caitheann Réaltán súil ghéar ar shaol na gcarachtair inchreidte a chuireann sí romhainn, ceistíonn sí ról na n-aicmí sa tsochaí, nochtann sí an fhimíneacht a bhíonn a cheilt i gan fhios agus tarraingíonn sí aird ar an mhí-chothromaíocht i saol na gcarachtair shuimiúla a chuireann sí os ár gcomhair. Éiríonn léi seo a bhaint amach go réidh caolchúiseach sa chnuasach nua gearrscéalta seo.
Ainneoin gur mar scríbhneoir Béarla is mó a bhí cáil ar an Árannach Liam Ó Flaithearta (1896–1984) – na déaga d’úrscéalta agus beagnach dhá chéad gearrscéal – bhí tionchar nach beag ag an aon leabhar Gaeilge a d’fhoilsigh sé lena bheo, an cnuasach gearrscéalta Dúil (1953), ar léitheoirí Gaeilge. Agus ní hamháin de bharr gur chaith sé blianta fada ar chúrsaí scoile agus ollscoile. Go deimhin is minic a tharraingítear anuas an cheist an fearr a shaothar Gaeilge, más tanaí féin é, ná a shaothar Béarla. Agus cén bhaint go díreach a bhí acu le chéile. Ceist eile ar fad í cén fáth gur i mBéarla a d’fhoilsigh sé formhór mór a shaothair in aon chor. Ainneoin sin is uile, is mithid féachaint an athuair ar a shaothar trí shúile an Ghaeilgeora,agus sa leabhar seo tá Gaeilge curtha go paiteanta ag Micheál Ó Conghaile ar a rogha féin de scoth na ngearrscéalta, trí cinn agus tríocha, mar a gcíortar téamaí mar chruas agus ainnise shaol na n-oileánach Éireannach, ról na mban sa tsochaí sin, dearcadh suaithinseach Uí Fhlaithearta ar an gcléir agus ar an eaglais Chaitliceach, an spéis thar na bearta sa dúlra agus sa nádúr. Athshealbhú cruthaitheach don aonú haois is fiche.
Nuair a bhuaileann Tintin agus a mhaidrín Báinín leis an Éigipteolaí aisteach Seán Ó Tuama, téann siad sa tóir ar an áit rúnda ina bhfuil an Faró Kí-Oskh ina luí. Ach tá níos mó ná seargáin agus gaineamh rompu sa ghaineamhlach. Tagann siad ar smuigléirí drugaí agus leanann cúpla leid a fhágann i ngleic le bithiúnach idirnáisiúnta iad.
Leagan grafach de cheann de na leabhair Ghaeilge is cáiliúla a scríobhadh riamh atá mar leabhar mhí Mheán Fómhair ar Clubleabhar.com.
An leagan Gaeilge den úrscéal dírbheathaisnéiseach cáiliúil, Un Sac de Billes, atá mar leabhar mhí Dheireadh Fómhair ar Clubleabhar.com.
Scéalta iad seo a chuireann síos ar thragóidí agus ar ghreann, ar an gcontúirt a ghabhann le saothrú na beatha ón bhfarraige agus ar ghaisciúlacht mhuintir Oileáin Árann atá mar leabhar mhí na Samhna ar Clubleabhar.com.
Leagan Gaeilge de cheann de na scéalta Nollag is cáiliúla a scríobhadh riamh atá mar leabhar mhí na Nollag ar Clubleabhar.com.
Cnuasach é seo a chaitheann súil ar chruachás an duine agus é i ngleic le fírinní éagsúla an tsaoil — agus leis na bréaga. Ón am i láthair go dtí an t-am atá caite — agus fiú go haimsir chaite nach raibh riamh ann — tugtar sinn ar cuairt na cruinne, camchuairt a thosaíonn “ar an bhfichiú hoileán is mó ar domhan”, tír aineoil a n-aithneoidh an léitheoir go maith í, fiú faoi chló nua.
Is iomaí cruth agus dath ar an ghearrscéal agus tá a shéala sin le feiceáil go soiléir sa díolaim speisialta seo a dhéanann comóradh ar an ghearrscéalaíocht chomhaimseartha Ultach. Tá scéalta thar a bheith taitneamhach cruinnithe le chéile anseo ó 28 scríbhneoir, idir óg is aosta, as gach cearn de Chúige Uladh. Máistir-rang i bhfoirmeacha éagsúla an ghearrscéil atá le fáil idir clúdaigh an fhoilseacháin seo. Tá scéalta grá, scéalta díoltais agus scéalta dóchais anseo, tá scéalta eile ann a bhfuil an greann agus an brón chun tosaigh iontu, tá cuid de na scéalta fréamhaithe go docht i dtraidisiún an oidis bhéil agus cinn eile a bhfuil foirmlí agus foirmeacha na litríochta nua-aoisí le brath orthu. Is cuma cén áit a dtumfaidh an léitheoir isteach sa leabhar seo, gheofar rud inteacht leis an tsuim a mhúscailt agus leis an chian a thógáil.
Ó bhí sí ina páiste óg, tá Levana bródúil as a dúchas Giúdach agus as na mná láidre a chuaigh roimpi. Duine acu sin í Hana Lazare, seanmháthair Levana, a theith ina cailín óg di óna tír dhúchais i dtuaisceart na hEorpa, an t-aon duine amháin dá muintir a tháinig slán ó shlad an Shoah. Ach nuair a thagann mearbhall intinne ar Hana i ndeireadh a saoil, sceitheann blúirí eolais óna béal a fhágann Levana trína chéile. Seoltar an bhean óg ar aistear a thugann uirthi gach rud a dúirt a seanmháthair riamh léi a cheistiú. De réir mar a ghluaiseann an scéal ó Pháras go dtí an Bhruiséil go hiarthar na hÉireann, druideann Levana le fíorscéal a seanmháthar agus leis an tubaiste ba chúis leis an saol rúnda atá caite ag Madame Lazare.
"Chun an táirge seo a dhíol lenár bpáirtithe in earnáil an leighis, táimid chun an saineolas agus an úire a nascadh le chéile." Is mar sin a chuireann bainistíocht na saotharlainne Duprat a straitéis nua páirtnéireachta faoi bhráid na beirte: Guy Farkas, ar a dtugtar 'An Broc-Chú', taistealaí leighis den seandéanamh, agus Jérémy Labionda, feidhmeannach óg rócháilithe a bhfuil sé mar fhreagracht air súil dhiscréideach ar an mBroc-Chú. Anuas air sin, caithfidh siad leagan nua a dhíol de tháirge leighis a bhfuiltear in amhras faoi i mbás na gcéadta othar. Cruálach scaití, scaití eile searbhasach, ach é thar a bheith greannmhar, aor is ea An Broc-Chú ar an saol santach neamhscrupallach ina mairimid. Scéinséir é, scéal faoi chairdeas, sciolladh frithchaiptileach, agus road movie Francach i Citroen CX Salún! Is é Darach Ó Scolaí a d'aistrigh.
Aistriúchán Gaeilge ar úrscéal clúiteach George Orwell.
Tugann Tintin aghaidh ar ríocht bheag, an tSildáivé, áit a bhfuil comhcheilg ar bun i gcoinne an rí óig, Múisc Áir XII. Is mian leis na comhchealgairí Ríshlat an Rí Ottokar a ghoid, siombail na ríochta. Má éiríonn leo, beidh ar an rí éirí as. Tá an tír ag cur thar maoil le feallairí! An éireoidh le Tintin an rí agus an tSildáivé a shábháil?
Cuireann Ó Muireagáin saolta osréalacha os ár gcomhair sna scéalta samhlaíoch seo, saolta diostóipeacha, saolta barbartha, saolta a mbíonn an fhírinne á cheistiú iontu agus a mbíonn rian maith den fhíorshaol le sonrú iontu i gcónaí. Scamhann sé siar na scaireanna chun go bhfeice muid faoin chlúdach bréige, ag nochtadh míchothromaíocht an tsaoil seo ina mairimid. Bhuaidh an scéal “An Chóir Chodlata” duais An Mhaolánaigh i gcomórtas litríocht an Oireachtais 2018. Scéal samhlaíoch dea-scríofa a bheireas ar shamhlaíocht an léitheora ón gcéad abairt – Moltóir Oireachtais ag tagairt don Chóir Chodlata. Is as Uachtar Cluanaí i mBéal Feirste do Sheán Ó Muireagáin. Is scríbhneoir filíochta, amhrán agus gearrscéalta é. Tá 35 bliain caite aige ag obair in earnáil an Ghaeloideachais sna Sé Chontae, mar ghníomhaí, mar mhúinteoir naíscoile agus bunscoile agus, le 20 bliain anuas, mar Oifigeach Comhairleach. D’fhoilsigh Éabhlóid a chéad chnuasach gearrscéalta Gáire in Éag in 2018.
Bliain 19 sa Ré Úr. Am a bhfuil deireadh leis an saol a bhfuil aithne againn air agus cónaí ar an daonra i mBithsféir fud fad an domhain. Is i mBithsféar 9 atá Emma agus Zara lonnaithe. Ar bhreithlá Emma, í seacht mbliana déag d’aois, roghnaítear í don chúrsa is tábhachtaí sa choláiste, dar leis na hÚdaráis. Ach céard atá i ndán dá cara, Zara, nach bhfuil chomh cliste céanna léi? An gcuirfear chuig Feirm na bhFéatas í le bheith ina síolraitheoir? San úrscéal tuairimeach seo, tá go leor ceachtanna le foghlaim ag Emma agus Zara agus go leor dúshlán le sárú acu. An mbeidh orthu glacadh lena bhfuil i ndán dóibh nó an ann don dara rogha?
Tá réimse leathan leabhar aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire, iad foilsithe ag Futa Fata. Chaith sí tamall de bhlianta ag obair mar iriseoir agus léiritheoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is é Khalil an chéad úrscéal do dhaoine fásta atá aistrithe aici. Léirmheas Antain Mhic Lochlainn: “Deirtear gurb é bun agus barr an dea-aistriúcháin cinneadh ceart amháin a dhéanamh agus cinneadh ceart eile ina dhiaidh sin. Sin atá déanta ag [an aistritheoir] i gcás ‘Khalil’. Tá anáil na Fraincise le brath air gan an Ghaeilge a bheith aduain. Sárshaothar.”
Tá an grá agus and t-éad fite fuaite lena chéile sa scéal tragóideach seo ina chuireann Gráinne an laoch óg, Diarmaid, faoi gheasa í a bhreith leis ón bhfear a bhfuil sí geallta leis. Sárinsint agus sárléaráidí ó thús go deireadh.
‘Heileo! Cé sin ag caint? Réics Carló? Is mise Séamus Ó Ceallacháin. Tá rud uafásach tar éis titim amach – tá an Dochtúir imithe!’ Nuair a fhuadaítear an Dr Leon, eolaí rí-éirimiúil atá ag obair ar aireagán sár-rúnda ar son Rialtas na hÉireann, iarrtar ar a sheanchara Réics Carló an cás a fhiosrú. Tá Réics muiníneach go n-éireoidh leis Leon a thabhairt slán – níor theip air riamh cás a réiteach. De réir mar a théann sé i mbun oibre, áfach, tuigtear dó go bhfuil rud éigin as an ngnáth ar fad faoin gcás áirithe seo. Beidh clisteacht, cúnamh agus a dhá dhorn de dhíth air roimh dheireadh na heachtra seo. Ar feadh dhá scór bliain chuir an scríbhneoir bisiúil Cathal Ó Sándair déagóirí na hÉireann ag léamh faoin mbinse scoile i ngan fhios do na múinteoirí. Seo chugainn i gcló arís a chéad leabhar, Na Mairbh a d’Fhill, ina gcuirimid aithne ar an mbleachtaire clúiteach Réics Carló. Bhí sciob sceab ar an leabhar seo lena linn – díoladh os cionn míle cóip de sa chéad mhí dó a bheith i gcló. Tá an t-eagrán nua seo curtha in oiriúint do léitheoirí óga an lae inniu.
Úrscéal Fraincise le Delphine de Vigan, aistrithe go Gaeilge ag Máirín Nic Con Iomaire. An chéad uair gur bhuail Mélanie Claux agus Clara Roussel le chéile, bhí ionadh ar Mélanie cuma chomh húdarásach sin a bheith ar bhean chomh beag sin. Thug Clara féin ingne Mélanie faoi deara, vearnais bhándearg gealrach orthu, iad ag lonrú sa dorchadas. Trí scéal beirt bhan le cinniúintí contrártha, déanann ‘Les Enfants sont Rois’ plé ar fhotháirgí ré ina maireanna daoine díreach le go mbreathnófar orthu. Ó na blianta Loft go dtí na 2030í, cruthú na meán soisialta ina measc, tugann Delphine De Vigan deis dúinn breathnú ar dhomhan ina nochtar agus a ndíoltar chuile rud, fiú amháin sonas teaghlaigh.
Tugtar ar thurais muid sna gearrscéalta seo, turais intinne, turais go críocha aduaine, turais go tíortha atá stollta ag an choimhlint agus ag an athrach; ach is turais go croí na daonnachta iad go léir, le daoine atá ag cuartú saol dóchasach úr nó le daoine a bhfuil orthu gníomhú in aghaidh a dtola. I ndomhan a bhfuil mórghluaiseachtaí daonna ag léiriú an éagothromais, feictear an daonnacht ina steillbheatha sna scéalta seo. Inste i nguth tomhaiste deisbhéalach, tá scéalaíocht Rann na Feirste i stíl liteartha chomhaimseartha an lae inniu le sonrú go soiléir sa tsaothar seo.
Bréan den chaimiléireacht agus den chiníochas, tugann Fabio Montale a chúl leis na póilíní agus socraíonn síos leis an saol simplí a chaitheamh faoi sheanrithimí an bhaile — an fharraige, an t-iascach, beár na háite, agus cluichí belote faoin ngrian. Ach nuair a imíonn mac lena chol ceathrair gan tásc, tarraingítear Montale ar ais isteach i gcúlsráideanna dorcha Mharseille. Cur síos álainn fileata é seo ar Mharseille – ó chúl-sráideanna an Phanier go dtí an Canabière agus anuas go dtí an seanchalafort agus ar na Francaigh, na hIodálaigh, na Spáinnigh agus na hArabaigh arbh iad pobal na cathrach sin iad. On Ocsatáinis an focal Siúrmó (Chourmo), foireann sclábhaithe a bhíodh ag iomradh ar na gaillí Rómhánacha, tráth den saol, ach a bhfuil ciall eile anois leis: buíon daoine atá i gcruachas agus ar ga dóibh tarraingt ar aon bhuille le teacht slán.
El – leabhar le Thaddeus Ó Buachalla. “Tá scéal agam le hinsint daoibh, ach tá a fhios agam nach gcreidfidh sibh é. Déanfaidh uirlis an leabhair seo cúis chun é a insint, ach tá orm a chur in iúl daoibh i dtús báire nach úrscéal é. Tharla na rudaí seo. Dá mhéad áiféis atá ann mar scéal, ní féidir liom ach a dhearbhú daoibh go bhfuil sé fior. Tharla na rudaí seo domsa, agus ansin fuair mé amach faoi rudaí eile, eachtraí stairiúla, a raibh baint mhór acu le mo scéal féin. Agus mé ag insint an scéil seo daoibh, mholfainn daoibh bhur dtaighde féin a dhéanamh ar an gcuid stairiúil de. Ní gá, dar ndóigh…” Tosnaíonn an scéal seo le beirt fhear óga a fheiceann rud atá dochreidte doshamhlaithe, go fiú. Ach de réir mar a nochtann an scéal, tógtar fírinní inaitheanta ina thimpeall go dtí go n-éiríonn sé níos deacra diúltú dó. Cad is fírinne ann i saol ina bhfuil eolas ag imeacht ar saithnin inár dtimpeall gach lá? Tugann an scéal seo orainn ár dtuiscint ar an saol seo a cheistiú. Ag dul anonn is anall idir an lá atá inniu ann agus an seachtú aois déag, cruthaíonn sé líon damhán alla d’fhírinní stairiúla a fhitear le chéile chun saol eile a chruthú, saol a aithnímid ach nach féidir linn glacadh leis. Bronnadh duais ar an leabhar seo i gComórtais Liteartha an Oireachtais. “Saothar samhlaitheach dúshlánach” a chuirfeadh stíl Umberto Eco i gcuimhne duit a thug moltóir amháin air. “Ní gach duine a n-éireodh leo seánra an fhicsin eolaíochta agus an úrscéil stairiúil a phósadh le chéile ach tá sé déanta ag údar El”, dar leis an moltóir eile, agus “ceisteanna móra fealsúnachta fite fuaite go healaíonta le scéinséir, scéal bleachtaireachta nó scéal mistéire.” Is as Cathair Chorcaí an t-údar. Rinne sé dochtúireacht litríocht iar nua-aoiseach na Gaeilge gColáiste na hOllscoile Corcaigh, agus tá a leabhar ar an ábhar, ‘Clocháin sa Scoilt: An tÚrscéal Iar-nua-aoiseach sa Ghaeilge’, foilsithe ag Coiscéim.
Bhronn Oireachtas na Gaeilge gradam Bhuaic-Shaothar Próis na Bliana ar Na Cócha Móra. Bhí an méid seo le rá ag na moltóirí: ‘Thaitin an t-úrscéal thar barr liom agus ba dheacair liom é a chur díom go dtí go raibh sé críochnaithe agam. Teanga líofa shaoráideach agus saibhreas neamhghnách foclóra in úsáid ag an údar. Scéal coscrach Bharra Mhic Aodhagáin a nochtar dúinn, gasúr a chaith seal i scoil tionsclaíochta agus a d’fhulaing gach ainide níos measa ná a chéile ó roinnt de na bráithre a bhí ag reáchtáil na scoile. Má tá an bhéim ar an mbrúidiúlacht sa chéad leath den leabhar, leanann an léitheoir bóthar anróiteach Bharra i dtreo an chneasaithe agus an téarnaimh. Ach d’ainneoin na n-aingeal coimhdeachta a chasann air i mbun a oilithreachta chun lámh chúnta a thabhairt dó, ní féidir leis éalú ó thromluí na mblianta a chaith sé i ngéibheann. Fiú agus é ina fhear gnó rachmasach agus caoifeach mánla pósta aige, ní féidir na taibhsí a dhíbirt, agus filleann siad air nuair is lú a bhfuil coinne aige leo chun é a chéasadh as an nua! ‘Bhí babhtaí ann nuair a chuaigh an scéal seo go smior ionam. Tá fileatacht ar leith ag baint le críoch an scéil agus is álainn mar a thugtar meon an linbh le fios san oscailt. Idir tús agus deireadh tá deis againn taisteal in éineacht le Barra ar a aistear uaigneach cráite. Tá scéal na scoileanna tionsclaíochta tráthúil agus, go pointe, seanphléite, ach tá mianach sa scéal seo creathadh a bhaint asainn toisc a ghrámhaire agus a thuisceanaí agus a léirítear meon an phríomhcharachtair. Faighimid léargas freisin ar thionchar fadtréimhseach na scoileanna.
Nuair a thuirlingíonn eitilt Réamainn Prút i mBéal Feirste in 1988, tá sé ag filleadh ar a bhaile dúchais ina strainséir. Cuireann sé sonrú sna fógraí móra a fheiceann sé d’uimhir fóin rúnda na bpéas, seirbhís lena dtig sceitheadh ar lucht sceimhlitheoireachta agus ualach a bhaint de do choinsias. Ach tá Réamann ag cuimhneamh ar a óige agus ar an deilín a bhíodh ag na seanmóirithe sráide tráth: Come listen to my tale of Jonah and the whale; Way down in the middle of the ocean! Cuimhníonn sé fosta ar oíche chinniúnach i mí na Nollag 1942. An oíche ar léim sé amach as eitleán Gearmánach ar chósta Chontae an Dúin go ndearna a bhealach go dtí teach a thuismitheoirí tríd an dúdhorchadas. Bhuaigh an saothair seo duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022.
SPLUFF SPLAIFEIRTÍ AGUS A CHAIRDE AR MARZ anseo istigh dúinn. Eachtraíocht, daonnacht, carachtair, dúshláin agus tarlúintí as cuimse a fhágfaidh ár dtuiscintí ar fhíorspéis an domhain sa spás athraithe go deo … “Is scéal é seo atá iontach feiliúnach don aoisghrúpa – é lán den mhistéir, den choimhlint, den naimhdeas agus den chomhcheilg – [scéal] a chuireann saint an duine daonna i gcodarsnacht le cur chuige síochánta Mhuintir Mharz …” – Deirble Nic Conghamhna, Moltóir an Oireachtais 2021 Ghnóthaigh ‘Spluff Splaifeirtí agus An tIonradh ar an bPláinéad MARZ’ mórdhuais Oireachtais in 2021.
Scéalaíocht fhileata le Eithne Ní Ghallchobhair.
‘Táimid chun Éire a smachtú le cabhair an Eitleáin Dhofheicthe ó Thigh Mhóire go Domhnach Daoi. Déanfaimid Banc na hÉireann, Dáil Éireann, Ardoifig an Phoist agus áiteanna eile a shéideadh san aer le pléascáin. Millfimid bealaí taistil na príomhchathrach. Stopfaimid an gléas rialtais go léir. Beidh an tír uile bunoscionn.’ Tamall beag i ndiaidh meán oíche ar an 1 Feabhra 1943, déantar ionsaí fíochmhar, barbartha ar iompróir míleata agus é ar a bhealach go saotharlann rúnda i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Maraítear na saighdiúirí uile atá á thionlacan agus goidtear an lastas ríluachmhar atá istigh ann, an tEitleán Dofheicthe. Déanann na Gardaí mionscrúdú ar láthair an áir, ach níl ach fear amháin a bheidh in ann an cás casta seo a réiteach agus pleananna na gcoirpeach a chur de dhroim seoil: Réics Carló, lorgaire príobháideach. Tá Réics, Brian agus a gcairde ar ais sa scéal eachtrúil seo ó pheann Chathail Uí Shándair, an dara húrscéal ina shraith faoin lorgaire clúiteach as Baile Átha Cliath. Tá an t-eagrán nua seo curtha in oiriúint do léitheoirí óga an lae inniu.
Seo é an chéad chnuasach Gaeilge le hAlan Titley ó foilsíodh an 100 scéal atá i Leabhar Nóra Ní Anluain (1998). Má tháinig scata úrscéalta uaidh idir an dá linn níor thréig sé an ealaín ghairid riamh, óir tá seacht scéal anseo a ghnóthaigh duaiseanna Oireachtais. A bhformhór mór níor cuireadh i gcló cheana iad. Is ilchineálach an t-ábhar atá sa chnuasach seo: scéalta traidisiúnta ar an sean-déanamh, fabhalscéalta, scéalta gaisce nó rómánsaíochta agus tuilleadh. Rugadh Alan Titley i 1947 i gCathair Chorcaí, agus rinne sé staidéar ar an nGaeilge, ar an bhFealsúnacht agus ar an mBéarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí sé ag léachtóireacht sa Nigéir sa Mount Carmel College of Education agus sa School for Deaf Boys i gCabrach Bhaile Átha Cliath. Bhí sé i gceannas ar Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig. Ollamh Emeritus le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, is scoláire, scríbhneoir agus craoltóir bisiúil é. I measc a shaothar suntasach tá an dráma Tagann Godot a léirigh Amharclann na Mainistreach, úrscéalta, agus aistriúcháin lena n-áirítear clasaic na Gaeilge Cré na Cille / The Dirty Dust le Máirtín Ó Cadhain. Tá go leor duaiseanna buaite aige, ina measc duais Bisto (Leabhair Pháistí Éireann) dá úrscéal óige Amach agus duaiseanna Liteartha Oireachtas na Gaeilge do shaothar éagsúla. Bhí a úrscéal Lámh Lámh Eile ar ghearrliosta Leabhar na Bliana Love Leabhar Gaeilge in 2019.
Tá Emer Uí Ghríofa imithe gan tásc. I gcúinne uaigneach ar bhruach na Life a aimsíonn an Garda Réamonn Seoighe a corp. Tá a mac, Dan, cráite faoina bás ach cén drogall atá air labhairt leis na gardaí? Tá Colmán Ó Gríofa ina theach saoire ar leithinis Bhéarra an deireadh seachtaine céanna, é scartha ó Emer ach dílis di i gcónaí. Tacaíonn a chomharsa Aoife Nic Dhiarmada leis agus í ag éirí gafa sa chás. Tá noda fiúntacha agus fianaise bhréige á scagadh aicise agus ag na gardaí; tá faire faoi cheilt ar siúl istoíche agus an t-am ag sciorradh. An nochtfar an ciontóir sula ndéanfar an dara marú? Is úrscéal cumhachtach é SA PHOLL BÁITE a chaitheann solas géar ar choimhlintí sóisialta agus ar an nimh i gcroí an duine. Bhain an saothar seo duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022 agus bhí sé ar Ghearrliosta Ghradam Fhoras na Gaeilge, Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana i nGradaim Leabhar An Post in 2023.
Buaileann bean ghalánta le seanabhean ar an dtraein, ach ní mar a shíltear a bhítear. Téann cailín óg ag siopadóireacht, is gan ’fhios ag éinne cá luíonn an bhróg uirthi. Braitheann bean teanntaithe san óispidéal, ach nuair a thagann a fear céile ar a tuairisc, ní aimsíonn siad na focail chuí. Ceithre splancscéal is tríocha atá sa chnuasach so, iad go léir fé bhun 1,000 focal. Pléann siad le réimse mór téamaí i saol na mban, idir chumha is ghrá, idir uaigneas is dóchas. Insintí géara gonta, go bhfuil tús, lár agus deireadh leo – cé gur minic go dtosnaíonn siad i lár baill nó go gcríochnaíonn siad go luath. Tá an leabhar so ag cur thar maoil le carachtair bháúla, agus splanc léargais nua á fháilt acu ar an saol. Tugtar cuireadh duit teacht ag spraoi ar feadh tamaillín i saol na splancscéalaíochta.
Faoi thailm na bpléascán agus chnagarnach bhuan na ngunnaí móra, faighimid radharc scanrúil ar an chogadh trí shúile an fhir óig seo as Gaeltacht Chloich Chionnaola, agus é féin agus a chomhaoisigh á gcur thar an mhullach isteach sa chath, gás nimhe ag scalladh na scamhóga astu, agus an fód á dheargadh lena gcuid fola.
SAOTHAR CEANNRÓDAÍOCH AGUS ÚRSCÉAL CUMHACHTACH FRITHCHOGAIDH
In ainneoin na mílte Éireannach a thit i gcogadh mór 1914-1918, is beag trácht orthu i litríocht na Gaeilge. Seo é an chéad úrscéal sa teanga a insíonn a scéal. Ní hé amháin gur saothar ceannródaíoch é Saighdiúir ach is úrscéal cumhachtach frithchogaidh é, agus é tugtha chun solais go húr beo máistriúil ag Cathal Ó Searcaigh.
AN STÍL GHLANSNOITE PHRÓIS A CHLEACHT MUINTIR GHRIANNA ROIMHE
Le breis agus daichead bliain tá a mharc searcúil féin á chur ar an mórfhile Conallach seo ar litríocht na Gaeilge. Ní heisceacht ar bith an saothar nua seo, an stíl ghlansnoite chéanna phróis a chleacht muintir Ghrianna roimhe curtha os ár gcomhair arís go fuinte fileata ag Ó Searcaigh, cúram an fhile tugtha aige do chaint na coitiantachta. Tá oighre faighte acu i dtaca le máistreacht teanga.
ÚRSCÉAL MÓR GAEILGE AN CHOGAIDH MHÓIR
Tógfaidh an leabhar seo, Saighdiúir, a háit ar an tseilf in éineacht le húrscéalta Erich Maria Remarque agus Jaroslav Hašek, agus níl aon amhras ach gurb é úrscéal mór Gaeilge an Chogaidh Mhóir é. Faoi scáth an Earagail i nGaeltacht Chloich Chionnaola atá cónaí ar Chathal Ó Searcaigh, duine de phríomhfhilí na Gaeilge. Ar na leabhair is deireanaí uaidh tá Errigal: Sacred Mountain, Teach an Gheafta, agus An Bhé Ghlas. Bhronn Ollscoil na hÉireann céim oinigh air sa bhliain 2000 agus bronnadh The Ireland Literary Award air i 2007. Bhuaigh sé an Irish Times Literature Prize i 2001. Tá sé ina bhall d’Aos Dána.
A leithéid de shaol! Tar éis do Zoé an lá a chaitheamh mar fháilteoir ag comhdhálacha agus seónna tráchtála, ní bhíonn ag fanacht léi sa bhaile ach leisceoir mímhúinte a chodlaíonn ina chuid stocaí. Sin, nó go gcastar Tomás uirthi, scríbhneoir mór a bhfuil an inspioráid ag teip air. Scéal é seo faoi ghrá agus uaillmhian ... agus banlaoch as an gcoitiantacht.
Úrscéal nua-aimseartha suite sa tSairdín i lár an chéid seo a chuaigh thart. Aistriúchán le Máire Nic Mhaoláin ón Iodáilís ar an leabhar Accabadora le Michela Murgia. Aistríodh Athmháthair ó Accabadora le Michela Murgia, a d’fhoilsigh Einaudi in 2009. Bhuaigh an bunsaothar an Premio Campiello, Duais Molinello, Supermondello, Duais Cuneo don Chéad Úrscéal, Duais Viadana agus Duais Giuseppe Dessi. Aistriúchán le Máire Nic Mhaoláin.
Beirt bhuachaillí. Cairdeas. Ansin, grá. Scéal mór-ráchairte LADTA+ faoin saol, faoin ngrá agus faoi gach uile rud idir eatarthu. Tá Charlie agus Nick ag freastal ar an scoil chéanna, ach níl aon aithne acu ar a chéile – go dtí an lá gur gá dóibh suí in aice lena chéile. Tá siad mór lena chéile láithreach agus ní fada go dtosaíonn Charlie ag titim i ngrá lena chara nua. Níl ach fadhb amháin ann: níl seans dá laghad ann go mbraitheann Nick an bealach céanna faoi Charlie… nó an bhfuil? Scríofa agus maisithe ag Alice Oseman. Aistrithe ag Eoin McEvoy.
Ógánach é Criomhthann. Cé go bhfuil saol na n-uasal i ndán dó, ceistíonn sé an chinniúint atá leagtha amach dó. Ach de bharr thragóid phearsanta, treoraítear é le saol de chineál eile a lorg — agus ní gan stró a thabharfaidh sé faoin aistear nua sin. Scéal Gach Duine Againn Seo scéal a thugann radharc dúinn ar Cholm Cille an duine, duine a raibh a chuid laigí féin aige agus a raibh constaicí go leor le sárú aige. Tumtar sinn i saol éiginnte an séú haois, tráth a raibh athruithe móra ag teacht ar shaol na ndaoine; tráth a raibh ríthe uaillmhianacha in adharca a chéile; tráth a raibh seansaol na págántachta ag géilleadh don Chríostaíocht. An Naomh a Dhuiniú seachas an Duine a Naomhú Insíonn Flaitheas scéal an duine atá ag iarraidh ciall a bhaint as an saol corrach, scéal an duine ag streachailt leis an gcinniúint, scéal an duine a dhéanann botúin ach atá ar a dhícheall an rud ceart a dhéanamh dó féin agus do na daoine thart air. Scéal gach duine againn.
‘A Bhriain, a chara, deirim leat go bhfuil troid romhainn. Ní bhfaighimid trócaire ar bith; ní dhéanfaimid trócaire ach chomh beag. Tá an namhaid sa daingean cheana féin. Caithfear é a ruaigeadh gan mhoill, nó beimid ródhéanach.’ Nuair a thuirlingíonn trunc mistéireach ag doras Chaitlín Mhic Gearailt, is beag coinne atá aici leis an uafás atá istigh ann: corpán a fir céile. Bhí an Garda óg Seán Mac Gearailt ar mhisean sár-rúnda do Malcolm Ó Conchubhair, Cheannaire an Bhrainse Lorgaireachta, é ag fiosrú buíon coirpeach atá i bhfad ró-eolach ar ghníomhaíochtaí rúnda na nGardaí agus an Rialtais. Níl aon amhras ar Malcolm – ná ar a chara mór Réics Carló – gur teachtaireacht dó féin atá sa dúnmharú seo: éirigh as an bhfiosrúchán. Láithreach. Isteach sa bhearna bhaoil arís le Réics agus a chúntóir óg, Brian Ó Ruairc, agus iad ag iarraidh Éire a choinneáil slán ó naimhde. Ach cén seans atá acu nuair atá duine mór sa Rialtas, is léir, ag tacú leis na coirpigh?
4058 duine
cláraithe mar bhaill go dtí seo.
1210 teachtaireacht
curtha sna fóraim go dtí seo.