Fáilte chuig ClubLeabhar.com
Tá sé mar aidhm ag an gclub léitheoirí in Éirinn agus thar lear a spreagadh agus a thabhairt le chéile chun leabhair a léamh agus a phlé.
Bí i do bhallLeabhar na Míosa
Flaitheas
Proinsias Mac a BhairdÓgánach é Criomhthann. Cé go bhfuil saol na n-uasal i ndán dó, ceistíonn sé an chinniúint atá leagtha amach dó. Ach de bharr thragóid phearsanta, treoraítear é le saol de chineál eile a lorg — agus ní gan stró a thabharfaidh sé faoin aistear nua sin. Scéal Gach Duine Againn Seo scéal a thugann radharc dúinn ar Cholm Cille an duine, duine a raibh a chuid laigí féin aige agus a raibh constaicí go leor le sárú aige. Tumtar sinn i saol éiginnte an séú haois, tráth a raibh athruithe móra ag teacht ar shaol na ndaoine; tráth a raibh ríthe uaillmhianacha in adharca a chéile; tráth a raibh seansaol na págántachta ag géilleadh don Chríostaíocht. An Naomh a Dhuiniú seachas an Duine a Naomhú Insíonn Flaitheas scéal an duine atá ag iarraidh ciall a bhaint as an saol corrach, scéal an duine ag streachailt leis an gcinniúint, scéal an duine a dhéanann botúin ach atá ar a dhícheall an rud ceart a dhéanamh dó féin agus do na daoine thart air. Scéal gach duine againn.
Tuilleadh eolaisConas a oibríonn sé?
An mhí seo
Leabhar na Míosa

Tuilleadh eolaisÚdar na míosa
Proinsias Mac a Bhaird
Is an Árainn Mhór i dTír Chonaill do Phroinsias Mac a' Bhaird. Is múinteoir scoile é atá ag obair san am i láthair i Leitir Ceanainn. Tá idir bhéaloideas, phrós, fhilíocht agus leabhair do pháistí scríofa aige. Is iad Rún an Bhonnáin (úrscéal) agus Faigh Greim ar an Ghrian (filíocht) na leabhair is déanaí uaidh. Bronnadh an chéad duais i gComórtas Filíochta Uí Néill air sa bhliain 2010.
Leabhair le Proinsias Mac a BhairdImeacht na míosa
Oireachtas na Samhna
30 Deireadh Fómhair - 3 Samhain 2024
Beidh an fhéile náisiúnta ealaíon agus cultúir ar siúl i gCill Airne mar cheiliúradh bliantúil d’amhránaíocht, damhsa, litríocht agus teanga na hÉireann agus tuilleadh.
Tuilleadh eolaisFaoin gclub
Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh agus a thabhairt le chéile chun leabhair Ghaeilge a léamh agus a phlé.
Is féidir le daoine aonair ballraíocht a ghlacadh sa chlub leabhar seo agus a bheith páirteach sa phlé ar líne ach tá sé mar aidhm againn freisin na baill a spreagadh le teacht le chéile ar an láthair in ionaid éagsúla chun leabhar na míosa a phlé. Cuireann ClubLeabhar.com eolas agus acmhainní ar fáil (sleachta agus gluaiseanna) le tacú leis an duine aonair agus le clubanna leabhar áitiúla.
Is tionscadal de chuid Gaelchultúr é ClubLeabhar.com atá maoinithe ag Foras na Gaeilge.
Bí i do bhallAg cothú pobal léitheoireachta Gaeilge.
Bí i do bhall den chlub ar líne, eagraigh club áitiúil, buail le léitheoirí craosacha eile agus roinn do chuid tuairimí agus moltaí.