Fáilte chuig ClubLeabhar.com

Tá sé mar aidhm ag an gclub léitheoirí in Éirinn agus thar lear a spreagadh agus a thabhairt le chéile chun leabhair a léamh agus a phlé.

Bí i do bhall
Tionscadal de chuid Gaelchutur.com logo
Foras na Gaeilge logo

Leabhar na Míosa

Na Bróga Peile agus scéalta eile

Na Bróga Peile agus scéalta eile

Seosamh Céitinn

Póg neamhcheadaithe; déantúsán luachmhar a aimsíonn déagóir sa Bhoireann; ciceanna pionóis le glacadh; duine óg ag glacadh páirt sa chlár teilifíse Cé Ar Mhaith Leis A Bheith ina Mhilliúnaí?; aisteoirí amaitéaracha ag dul amach ar stáitse den chéad uair agus go leor eile. Cnuasach spreagúil atá anseo a thugann an léitheoir ar thurais éagsúla: chuig óige an scéalaí i gCorcaigh; chuig cathracha iasachta ar nós Sydney na hAstráile, Manchain agus Londain i Sasana; chuig Oileán Bharra in Albain; chuig Ardoifig an Phoist le linn Éirí Amach na Cásca 1916 agus chuig Láthair an Áir sa bhliain 1914.

Tuilleadh eolais

Conas a oibríonn sé?

An mhí seo

Údar na míosa

Seosamh Céitinn

As Cathair Chorcaí ó dhúchas, d’fhreastail Seosamh Céiteann ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh. Chaith sé breis is tríocha bliain ag múineadh na Gaeilge i mBaile Átha Luain sula ndeachaigh sé ar scor sa bhliain 2022. I measc na leabhar atá foilsithe aige tá Tomás Oileánach (1992) faoin údar Gaeilge mór le rá, an leabhar gramadaí Graiméar don Mheánscoil (Mentor Books 2012) agus bhí sé ina chomhúdar ar an tsraith Maoin (Mentor Books 2009) chomh maith leis an leagan nua den tsraith a foilsíodh sa bhliain 2020.

Leabhair le Seosamh Céitinn

Imeacht na míosa

Seachtain na Leabhar Gaeilge 2025

18 - 25 Deireadh Fómhair 2025

Is ceiliúradh náisiúnta í Seachtain na Leabhar Éireannach ar shiopaí leabhar Éireannacha, leabhair Éireannacha, foilsitheoirí, scríbhneoirí, maisitheoirí agus filí. Beidh neart imeachtaí ar siúl le linn na seachtaine seo.

Tuilleadh eolais
ClubLeabhar.com · Bódléar - Leabhar mhí Feabhra 2026 | February's Book of the Month 2026

Faoin gclub

Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh agus a thabhairt le chéile chun leabhair Ghaeilge a léamh agus a phlé.

Is féidir le daoine aonair ballraíocht a ghlacadh sa chlub leabhar seo agus a bheith páirteach sa phlé ar líne ach tá sé mar aidhm againn freisin na baill a spreagadh le teacht le chéile ar an láthair in ionaid éagsúla chun leabhar na míosa a phlé. Cuireann ClubLeabhar.com eolas agus acmhainní ar fáil (sleachta agus gluaiseanna) le tacú leis an duine aonair agus le clubanna leabhar áitiúla.

Is tionscadal de chuid Gaelchultúr é ClubLeabhar.com atá maoinithe ag Foras na Gaeilge.

Bí i do bhall

Ag cothú pobal léitheoireachta Gaeilge.

Bí i do bhall den chlub ar líne, eagraigh club áitiúil, buail le léitheoirí craosacha eile agus roinn do chuid tuairimí agus moltaí.

Bí i do bhall