Leabhar mhí Feabhra 2023

Úrscéal Fraincise le Delphine de Vigan, aistrithe go Gaeilge ag Máirín Nic Con Iomaire. An chéad uair gur bhuail Mélanie Claux agus Clara Roussel le chéile, bhí ionadh ar Mélanie cuma chomh húdarásach sin a bheith ar bhean chomh beag sin. Thug Clara féin ingne Mélanie faoi deara, vearnais bhándearg gealrach orthu, iad ag lonrú sa dorchadas. Trí scéal beirt bhan le cinniúintí contrártha, déanann ‘Les Enfants sont Rois’ plé ar fhotháirgí ré ina maireanna daoine díreach le go mbreathnófar orthu. Ó na blianta Loft go dtí na 2030í, cruthú na meán soisialta ina measc, tugann Delphine De Vigan deis dúinn breathnú ar dhomhan ina nochtar agus a ndíoltar chuile rud, fiú amháin sonas teaghlaigh.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

1 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1337 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Na Ríthe Beaga
Na Ríthe Beaga
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Úrscéal Fraincise le Delphine de Vigan, aistrithe go Gaeilge ag Máirín Nic Con Iomaire.

An chéad uair gur bhuail Mélanie Claux agus Clara Roussel le chéile, bhí ionadh ar Mélanie cuma chomh húdarásach sin a bheith ar bhean chomh beag sin. Thug Clara féin ingne Mélanie faoi deara, vearnais bhándearg gealrach orthu, iad ag lonrú sa dorchadas.

Trí scéal beirt bhan le cinniúintí contrártha, déanann ‘Les Enfants sont Rois’ plé ar fhotháirgí ré ina maireanna daoine díreach le go mbreathnófar orthu. Ó na blianta Loft go dtí na 2030í, cruthú na meán soisialta ina measc, tugann Delphine De Vigan deis dúinn breathnú ar dhomhan ina nochtar agus a ndíoltar chuile rud, fiú amháin sonas teaghlaigh.