Leabhar mhí Mheán Fómhair 2026

Heartstopper 3
Níor cheap Charlie riamh go mbeadh mothúcháin ag Nick dósan freisin, ach anois tá siad ag siúl amach le chéile. Agus d’inis Nick dá mham é! Ach ní rud é an teacht amach a tharlaíonn uair amháin sa saol – tá deartháir Nick ann, agus turas go Páras, gan trácht ar na cairde agus na baill teaghlaigh eile go léir – agus bíonn an saol crua, fiú agus duine grámhar le do thaobh. De réir mar a rachaidh a gcuid mothúchán i ndoimhneacht, beidh gá níos mó ag Charlie is Nick lena chéile ná mar a bhí riamh cheana.
Gluais don leabhar
Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin
Leabhar mhí Mheán Fómhair 2026
Sa tríú leabhar sa sraith Heartstopper, leanann Charlie agus Nick ag forbairt a gcaidreamh agus iad ar thuras scoile go Páras na Fraince. Feictear an beirt ag streachailt le gnéithe éagsúla den teacht amach – mar daoine aonair agus mar lánúin; agus feictear tionchar na bulaíochta a chonaiceamar níos luaithe sa scéal. Aistrithe ag Eoin McEvoy. Foilsithe ag Futa Fata. Láithreoir: Seán Ó Catháin. Aíonna: Lisa Nic an Bhreithimh agus Caolán Mac Grianna