Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2024

Bí páirteach sa phlé ar an leabhar seo:

Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2024
Deireadh Fómhair 2024

Flaitheas

Proinsias Mac a Bhaird

Ógánach é Criomhthann. Cé go bhfuil saol na n-uasal i ndán dó, ceistíonn sé an chinniúint atá leagtha amach dó. Ach de bharr thragóid phearsanta, treoraítear é le saol de chineál eile a lorg — agus ní gan stró a thabharfaidh sé faoin aistear nua sin. Scéal Gach Duine Againn Seo scéal a thugann radharc dúinn ar Cholm Cille an duine, duine a raibh a chuid laigí féin aige agus a raibh constaicí go leor le sárú aige. Tumtar sinn i saol éiginnte an séú haois, tráth a raibh athruithe móra ag teacht ar shaol na ndaoine; tráth a raibh ríthe uaillmhianacha in adharca a chéile; tráth a raibh seansaol na págántachta ag géilleadh don Chríostaíocht. An Naomh a Dhuiniú seachas an Duine a Naomhú Insíonn Flaitheas scéal an duine atá ag iarraidh ciall a bhaint as an saol corrach, scéal an duine ag streachailt leis an gcinniúint, scéal an duine a dhéanann botúin ach atá ar a dhícheall an rud ceart a dhéanamh dó féin agus do na daoine thart air. Scéal gach duine againn.

Gluais don leabhar Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin

Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie

Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2024

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Gráinne Ní Ghilín, a bhíonn ag léiriú cláir do pháistí agus ag teagasc in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste, agus leis an bhfile Dubhán Ó Longáin, faoin úrscéal Flaitheas le Proinsias Mac a’ Bhaird a d’fhoilsigh Leabhar Breac sa bhliain 2023.

Leabhair mholta