Leabhar mhí Mheán Fómhair 2018

Is é úrscéal Chathail Uí Shearcaigh atá mar leabhar mhí Mheán Fómhair ar Clubleabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

11 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Teach an Gheafta
Teach an Gheafta

Scéal ógfhir atá againn anseo agus an samhradh cinniúnach a chaith sé i dTeach an Gheafta i Mín na Móna i nGaeltacht Thír Chonaill agus é ag iarraidh a shaol casta a shoiléiriú agus a bhealach féin a aimsiú. Ní dhearmadóidh tú in aicearracht an samhradh seo i Mín na Móna. Seo saothar atá lán de ghreann a thógfas do chroí, de chomhbhá leis an duine agus leis an dúlra, de léaspairtí solais is de mheabhraíocht spreagúil; an stíl deisbhéalach, an scéal dúshlánach.

Le breis agus daichead bliain tá a mharc searcúil féin á chur ar an mórfhile Conallach seo ar litríocht na Gaeilge. Ní heisceacht ar bith an saothar nua seo, an chéad úrscéal tathagach ó Thír Chonaill ó aimsir na nGriannach. An stíl ghlansnoite chéanna phróis a chleacht siadsan curtha os ár gcomhair arís go fuinte fileata ag Ó Searcaigh, cúram an fhile tugtha aige do chaint na coitiantachta. Tá oighre faighte acu i dtaca le máistreacht teanga.

Is fada ó tháinig úrscéal Gaeilge ó Ghaeltacht Thír Chonaill, agus níl amhras ar bith ach gurb é oidhre na nGrianach an file agus scríbhneoir Cathal Ó Searcaigh.