Leabhar mhí na Nollag 2020

Is é leagan den greannán cáiliúil, Asterix agus an Corrán Óir, atá mar leabhar mhí na Nollag.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

9 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Asterix agus an Corrán Óir
Asterix agus an Corrán Óir
ISBN 9781906587550
Foilsitheoir: Dalen Éireann

Tá sráidbhaile Asterix go mór trína chéile. Tá Ogamaix, draoi, i ndiaidh a chorrán óir a bhriseadh agus ní thig leis éilicsir an nirt a dhéanamh gan é! Imíonn Asterix agus Obelix ar mhisean contúirteach go Lúitéis, le corrán nua a cheannach ó Amerigix, a bhfuil gaol i bhfad amach aige le hObelix agus atá ar an fhear déanta corrán is fearr dá bhfuil sa Ghaill. Ach tá Amerigix imithe gan tásc gan tuairisc agus caithfidh ár mbeirt laochra dul á lorg i measc choirpigh agus bhithiúnaigh na cathrach.