Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2023

Bí páirteach sa phlé ar an leabhar seo:

Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2023
Deireadh Fómhair 2023

Spluff Splaifeirtí agus an tIonradh ar an bPlainéad MARZ

Ré Ó Laighléis

SPLUFF SPLAIFEIRTÍ AGUS A CHAIRDE AR MARZ anseo istigh dúinn. Eachtraíocht, daonnacht, carachtair, dúshláin agus tarlúintí as cuimse a fhágfaidh ár dtuiscintí ar fhíorspéis an domhain sa spás athraithe go deo … “Is scéal é seo atá iontach feiliúnach don aoisghrúpa – é lán den mhistéir, den choimhlint, den naimhdeas agus den chomhcheilg – [scéal] a chuireann saint an duine daonna i gcodarsnacht le cur chuige síochánta Mhuintir Mharz …” – Deirble Nic Conghamhna, Moltóir an Oireachtais 2021 Ghnóthaigh ‘Spluff Splaifeirtí agus An tIonradh ar an bPláinéad MARZ’ mórdhuais Oireachtais in 2021.

Gluais don leabhar Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin

Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie

Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2023

An mhí seo labhair Seán Ó Catháin le hEilís Everard, tástálaí teanga le Teastas Eorpach na Gaeilge agus le Jody Buckley-Coogan, a bhfuil blianta caite aige ag obair agus ag déanamh staidéir ar an nGaeilge, faoi úrscéal Ré Uí Laighléis, Spluff Splaifeirtí agus an tIonradh ar an bPlainéad MARZ.

Leabhair mholta