Leabhar mhí Eanáir 2024

Bí páirteach sa phlé ar an leabhar seo:

Leabhar mhí Eanáir 2024
Eanáir 2024

Ag dul i bhfad

Alan Titley

Seo é an chéad chnuasach Gaeilge le hAlan Titley ó foilsíodh an 100 scéal atá i Leabhar Nóra Ní Anluain (1998). Má tháinig scata úrscéalta uaidh idir an dá linn níor thréig sé an ealaín ghairid riamh, óir tá seacht scéal anseo a ghnóthaigh duaiseanna Oireachtais. A bhformhór mór níor cuireadh i gcló cheana iad. Is ilchineálach an t-ábhar atá sa chnuasach seo: scéalta traidisiúnta ar an sean-déanamh, fabhalscéalta, scéalta gaisce nó rómánsaíochta agus tuilleadh. Rugadh Alan Titley i 1947 i gCathair Chorcaí, agus rinne sé staidéar ar an nGaeilge, ar an bhFealsúnacht agus ar an mBéarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí sé ag léachtóireacht sa Nigéir sa Mount Carmel College of Education agus sa School for Deaf Boys i gCabrach Bhaile Átha Cliath. Bhí sé i gceannas ar Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig. Ollamh Emeritus le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, is scoláire, scríbhneoir agus craoltóir bisiúil é. I measc a shaothar suntasach tá an dráma Tagann Godot a léirigh Amharclann na Mainistreach, úrscéalta, agus aistriúcháin lena n-áirítear clasaic na Gaeilge Cré na Cille / The Dirty Dust le Máirtín Ó Cadhain. Tá go leor duaiseanna buaite aige, ina measc duais Bisto (Leabhair Pháistí Éireann) dá úrscéal óige Amach agus duaiseanna Liteartha Oireachtas na Gaeilge do shaothar éagsúla. Bhí a úrscéal Lámh Lámh Eile ar ghearrliosta Leabhar na Bliana Love Leabhar Gaeilge in 2019.

Gluais don leabhar Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin

Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie

Leabhar mhí Eanáir 2024

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Sorcha de Brún, léachtóir sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil Luimnigh faoi chnuasach gearrscéalta Alan Titley, Ag Dul i bhFad.

Leabhair mholta