Leabhar mhí na Nollag 2014

Bí páirteach sa phlé ar an leabhar seo:

Leabhar mhí na Nollag 2014
Nollaig 2014

Seal san Aetóip

Frank Reidy

Thug Dia na Deich nAitheanta do Mhaois ar bharr Shliabh Shíonáí agus rinne na hIosraelaigh soitheach óir chun na leaca cloiche ar a raibh dlí Dé scríofa a choinneáil slán. Tugadh go hIarúsailéim Áirc seo an Chonartha agus bhí sé i dTeampall Sholaimh ar feadh i bhfad. Ach cá ndeachaigh sí? Mar ní raibh tásc ná tuairisc uirthi nuair a scrios na Bablónaigh an Teampall sa séú céad RCh. Ná ní raibh on trácht uirthi nuair a scrios na Rómhánaigh an dara Teampall i 70 AD. Ach bhí ráflaí ann go ndeachaigh an Áirc go dtí an Aetóip… Sa leabhar seo leanann Frank Reidy turas na hÁirce ó Iarúsailéim go dtí an Aetóip. Cíorann sé stair agus seanchas na hÁirce agus tagann sé ar thuiscint nua ar an Áirc ar a stádas agus an tábhacht a bhaineann léi san Aetóip. Tugtar léargas nua anseo ar thír nach mbíonn luaite léi go minic ach ocras, anró agus bás. Os a choinne sin léirítear gáire agus gliondar, aois agus uaisleacht, creideamh agus cairdeas: taisteal, taiscéalaíocht agus tráchtaireacht curtha os ár gcomhair mar lón anama agus machnaimh.

Gluais don leabhar Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin

Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie

Leabhair mholta