Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2017

Bí páirteach sa phlé ar an leabhar seo:

Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2017
Deireadh Fómhair 2017

I dtír mhilis na mbeo

Colm Ó Ceallacháin

Guth nua liteartha ar an bhfód is ea Colm Ó Ceallacháin. Seo é a chéad chnuasach gearrscéalta. Tá pearsana sa chnuasach seo ag fás aníos is ag teacht in inmhe. Tá carachtair eile ag druidim le saol na díchuimhne agus speabhraídí na seanaoise ag breith orthu. Ní mar a shíltear a bhítear. Foilsíodh scéalta le Colm Ó Ceallacháin in Comhar, Feasta, Southword agus gorse, agus tá duaiseanna Oireachtais buaite aige ar chuid díobh sin. Bhronn an Chomhairle Ealaíon dámhachtain air in 2013 i Litríocht na Gaeilge. Tá cónaí air i gCorcaigh agus oibríonn sé in earnáil na hóige. Is é I dtír mhilis na mbeo a chéad chnuasach gearrscéalta.

Gluais don leabhar Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin

Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie

Leabhair mholta