Pádraig Standún
Rugadh Pádraig Standún i mBaile Dabhoc, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, i 1946. Is scríbhneoir, gníomhaí agus sagart é a bhfuil cáil go leitheadach air. Tá aithne ag an bpobal air mar úrscéalaí ach léiríodh go leor drámaí dá chuid chomh maith. Léiríodh +Stigmata+ i dTaibhdhearc na Gaillimhe i 1996 agus bhí tuilleadh drámaí leis ar an gciorcaid amaitéarach chomh fada ó bhaile le Béal Feirste agus Londain. Bhí a dhráma +Uisceinafhíon+ ar an ngearrliosta do ghradam litríochta Chló Iar-Chonnachta in 2001. +Díbirt Dé+ (Cló Iar-Chonnachta, 2007) an t-úrscéal is déanaí leis. Bhunaigh Bob Quinn a scannán +Budawanny+ (1987) ar úrscéal eile dá chuid, +Súil le Breith+. Chaith sé tréimhsí mar shagart ar an gCeathrú Rua, agus in Inis Meáin agus Inis Oírr Árann, agus tá sé ar ais ina shéiplíneach i dTuar Mhic Éadaigh anois.