Pádraic Ó Conaire

Rugadh Pádraic Ó Conaire i gcathair na Gaillimhe sa bhliain 1882. D’fhreastail sé ar chuid mhór bunscoileanna i nGaillimh agus i gContae an Chláir, agus fuair sé a chuid meánoideachais i gColáiste Charraig an Tobair i dTiobraid Árann agus i gColáiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath.

Chuaigh sé go Londain in 1899 áit a bhfuair sé post sa státseirbhís thall, agus is ann a thosaigh sé ag scríobh. Is i Londain a casadh Molly McManus air agus bhí ceathrar clainne acu le chéile.

D’fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1914. Chaith sé tamall ina mhúinteoir agus ina thimire ag Conradh na Gaeilge, ach is lena pheann a thuill sé a bheatha formhór an ama. Cailleadh i seomra na mbocht in Ospidéal Richmond i mBaile Átha Cliath é sa bhliain 1928.

Leabhair le Pádraic Ó Conaire:
Pádraic Ó Conaire – Rogha Scéalta
Pádraic Ó Conaire

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí Aibreáin 2010

Scéal agus fiche le Sean-Phádraic, cuid acu as cló le fada, mar aon le réamhrá ó Dhiarmuid de Faoite.

Seacht mBua an Éirí Amach
Pádraic Ó Conaire

D’athraigh Éirí Amach na Cásca saol na hÉireann. Spreag sé na scríbhneoirí chomh maith le cách. Ba é ceiliúradh Shean-Phádraic ar bhliain na glóire Seacht mBua an Éirí Amach, seacht scéal faoi dhaoine ar thug an tÉirí Amach casadh buan ina saol.

Tá cuid den scríbhneoireacht is fearr dá ndearna Sean-Phádraic sa leabhar seo, ochtú bua an Éirí Amach dar le Seosamh Mac Grianna.