Seán Mac Mathúna
Rugadh Seán Mac Mathúna i dTrá Lí, Co. Chiarraí. D’fhreastail sé ar Choláiste Bhréanainn i gCill Airne, agus ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Foilsíodh gearrscéalta as Béarla leis go rialta in +The Irish Times+ agus +The Irish Press+, agus as Gaeilge san iris +Comhar+. Thuill sé ionad ar leith dó féin mar ghearrscéalaí fíorchumasach leis an gcnuasach +Ding+ (An Comhlacht Oideachais, 1983). Bhí cáil ar leith ar úire a shamhlaíochta agus go háirithe ar a acmhainn grinn. I 1992, léirigh Amharclann na Mainistreach dráma leis, +The Winter Thief/Gadaí Géar na Geamhoíche+ - ceithre oíche as Béarla in aghaidh na seachtaine, agus dhá oíche as Gaeilge, leis an bhfoireann chéanna – rud nach ndearnadh riamh cheana i stair na drámaíochta in Éirinn ná in aon tír eile ach oiread. Sa bhliain 1999, foilsíodh +Banana+ (Cois Life), an dara cnuasach gearrscéalta Gaeilge uaidh, agus bhuaigh an saothar sin Gradam Uí Shúilleabháin/Leabhar Gaeilge na bliana 1999. Léirigh Taibhdhearc na Gaillimhe a dhráma +Hula Hul+ an bhliain chéanna sin. D’fhoilsigh Coiscéim +novella+ leis, +Scéal Eitleáin+, in 2005. Bhí +Ding+ agus +Banana+ as cló, dá bhrí sin d’fhoilsigh Cois Life rogha scéalta leis faoin teideal +Úlla+ (2005). Cuireadh athchló ó shin air. Foilsíodh +Hula Hul+ (Leabhar Breac) sa bhliain 2007. Léirítear scoth a shaothair sa chlosleabhar +Niall Tóibín ag léamh gearrscéalta le Seán Mac Mathúna+ (Cois Life, 2009).