Myles na gCopaleen

Is ainmneacha cleite Brian Ó Nolan iad Myles na gCopaleen agus Flann O'Brien. Rugadh Brian O'Nolan ar an Srath Bán sa bhliain 1911. Thosaigh sé ag scríobh agus é ina mhac léinn sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Fuair sé post mar státseirbhíseach tar éis dó a chéim a bhaint amach. Ar feadh cúig bliana is fiche, scríobh sé colún darbh ainm +The Cruiskeen Lawn+ don +Irish Times+. Bhain sé clú amach mar cháinte sa cholún sin. Scríobhadh an colún sin as Gaeilge ar dtús, ach de réir a chéile thosaigh sé ag scríobh i mBéarla. Tá an cháil atá air mar scríbhneoir bunaithe den chuid is mó ar dhá shaothar iar-nua-aimseartha, +At-Swim-Two-Birds+ (1939) agus +The Third Policeman+ (1967) a foilsíodh tar éis a bháis. Fuair sé bás ón ngalar ailse sa bhliain 1966.

Leabhair le Myles na gCopaleen