Aodán Mac Póilín

Rugadh Aodán Mac Póilin i mBéal Feirste, agus tá cónaí air i nGaeltacht Bhóthar Seoighe. Tá bunchéim agus M.Phil sa Léann Éireannach aige ó Ollscoil Uladh. Is iarmhúinteoir é agus tá sé ina Stiúrthóir ar Iontaobhas Ultach ó 1990 i leith. Bhí sé gníomhach sa Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana agus i gComhairle Caidrimh Pobail Thuaisceart Éireann, agus ba chathaoirleach é ar an gcéad Ghaelscoil sa Tuaisceart. Ba bhall é de bhord na n-eagraíochtaí Foras na Gaeilge, Colmcille agus Comhairle Craoltóireachta Thuaisceart Éireann roimhe seo. Faoi láthair is ball boird é le Cultúir na hÉireann, Comhairle na Gaelscolaíochta, agus Aonad Séamus Heaney, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Tá ailt scríofa aige agus léachtaí tugtha aige ar réimse leathan ábhar a bhaineann le cúrsaí teanga, litríochta agus cultúir, agus bhí sé ina eagarthóir ar +Styles of Belonging: the cultural identities of Ulster+ (1992), +Ruined Pages, New Selected Poems of Padraic Fiacc+ (1994), +The Irish Language in Northern Ireland+ (1997). Bhí sé ar phainéal eagarthóireachta +Leabhar Mór na Gaeilge+ (2002).

Leabhair le Aodán Mac Póilín