Márta 2025
Súile Éisc agus Scéalta Eile
Michelle Nic Pháidín
Seo an chéad leabhar gearrscéalta ó pheann Michelle Nic Pháidín, údar ‘An tIriseoir’ agus ‘Fuascailt an Iriseora’. Tugtar ar iliomad turas intinne muid sa chnuasach seo: chuig saol na samhlaíochta i gcuid de na scéálta; léirítear saol an cheantair ina bhfuil sí ina cónaí i gcuid eile; agus faightear blas na farraige sa chuid eile. Tá éagsúlacht as cuimse sa chnuasach seo ó
thaobh ghlór an scéalaí. Insítear na scéalta ag úsáid réimse leathan daoine, páistí, mná agus fir agus a scéal féin á inse acu. Tá scéalta grá, scéalta díoltais agus scéalta dúchais le fáil sa leabhar seo. Díríonn an scéalaí ar éagsúlacht scéalta a chur ar fáil, agus faightear sin.