Imeartas focail den chéad scoth...

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
Imeartas focail den chéad scoth...
NodDonEolach
30/09/2013 10:51:43

Ar shíl éinne eile anseo go raibh na rímeanna 7rl iontach maith? Bhain mé an-sult as “An Rosualt agus an Cearpantóir” ag Manachar sa scéal go háirithe an chuid mar gheall ar an trá a scuabadh:

“Bhí an Rosualt agus an Cearpantóir le chéile ag siúl ar an trá

Chaoin siad araon nuair a chonaic siad féin

an gaineamh chomh flúirseach san áit.

‘Dá nglanfaí chun bealaigh é,’ arsa siad beirt, ‘dar fia, nach mbeadh sé go breá!’

‘Dá mbeadh seachtar cailíní ‘s acu seacht scuab

á scuabadh ó Nollaig go hIúil,’

arsa an Raosualt, ‘b’fhéidir go bhféadfaidís sin

an t-iomlán a scuabhadh chun siúil.

‘Ní dóigh liom é,’ dúirt an Cearpantóir

is ba ghoirt iad na deora ‘na shúil.

Greannmhar agus ceolmhar!

RE: Imeartas focail den chéad scoth...
Mark
05/11/2013 19:35:03

Aontaím go huile is go hiomlán leat. Bhain mise an-sult as “An Rosualt agus an Cearpantóir” fosta. Bhí mé ag gáire gan stad nuair a léigh mé an scéal.