Bunús gach uile ní...

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
Bunús gach uile ní...
MacanBhacaigh
29/11/2013 18:31:02

Agus mé ag léamh an leabhair bhraith mé go minic go raibh an scéal ar eolas agam cé nach raibh sé léite agam riamh cheana, i mBéarla ná i nGaeilge. Tá an cuma ar an scéil gur bunaíodh gach aon scéal de chuid Scooby Doo chomh maith le leath na scéalta bleachtaireachta eile ar reacaireachta an scéil seo. An-taitneamhach go fóill féin áfach.

Mór is fiú é a léamh...
Danú
30/11/2013 19:05:47

Bhain mé an-sásamh as Cú na mBaskerville a léamh - mór an spórt é mar scéal! Ní raibh sé léite agam i mBéarla ach bhí an scéal ar eolas agam i ngan fhios dom, nach mór, mar a dúirt MacanBhacaigh thuas - leagan teilifíse feicthe tráth, íomhánna méaldrámatacha an chú is a lucht tóraíochta amuigh ar an móinteán istoíche tugtha linn againn uile, Sherlock féin seanaitheanta. Tá tús an scéil mall go leor agus ar ndóigh, is insint stílithe ‘gotach’ a chruthaigh Conan Doyle, ach d’éirigh mé gafa leis na carachtair, leis an suíomh agus leis an mistéir, a thug Nioclás Tóibín leis go paiteanta san aistriúchán.