Thaitin an t-úrscéal seo liom. Bhí an chéad leabhar sa tsraith léite agam sular thugas faoin gceann seo. Ba chabhair an méid sin, i ndáiríre, agus mholfainn daoibh amhlaidh a dhéanamh. I dtús an scéil, tá an príomhcharactair, Lúcás, ar bord loinge. Cheapas go raibh an chuid sin den leabhar taitneamhach ach amháin go raibh sé beagáinín rófhada. Tá an chéad stad eile suite i Sasana agus déantar mion-chur síos ar shaol agus ar thírdhreach Shasana. Ba dhóigh liom go raibh an gné sin that cionn. Sa chuid seo den leabhar, áfach, bhíos ag streachailt agus ba mhór an dua leanúint ar aghaidh. Is sa chuid deireanach den leabhar, ó Glastonbury ar aghaidh, a thuill an leabhar a stádas mar scéal eachtraíochta, le neart aicsin agus troide.
I ndeireadh thiar, áfach, b’iontach an leabhar é seo. Ba chliste agus b’éifeachach mar a dhein an Cóileach Béarla coimhthíoch na Sasanach a chur i láthair dúinn. D’éirigh leis an stair a shníomh isteach chomh maith, ar bhéalach réasúnta réchúiseach. Táim ar bís ag fanacht ar an gcéad leabhar eile!
8/10
|