A Chairde,
Thug mé faoi deara i nGaelScéal ar an Aoine go mbeadh léamhanna ar siúl san Irish Writers Centre, 19 Cearnóg Pharnell, BAC 1.
Beidh na Léamhanna ar siúl ar an 22/04/2010 agus ar an 13/05/2010.
Is é suíomh idirlín an ionaid na www.writerscentre.ie.
Is iad na scríobhneoirí a bheas pairteach ann ná:
22/04/2010 Léamhanna Próis le Seán Mac Mathúna, Ruaidhrí Ó Báille agus Ríona Nic Congáil
7.30pm
Seán Mac Mathúna, gearrscéalaí agus úrscéalaí
Ruaidhrí Ó Báille, úrscéalaí
Ríona Nic Congáil, úrscéalaí – Scríbhneoirí óga na Gaeilge
Mícheál Ó Ruairc, gearrscéalaí, úrscéalaí (fear a’ tí)
13/05/10 Léamhanna Próis le Alan Titley, Anna Heussaff, Lorcán S. Ó Treasaigh agus Muiris Ó Meara
7.30pm
Alan Titley, úrscéalaí, gearrscéalaí agus drámadóir
Anna Heussaff, úrscéalaí
Lorcán S. Ó Treasaigh, úrscéalaí agus file
Muiris Ó Meara, gearrscéalaí, file – Scríbhneoirí óga na Gaeilge
Mícheál Ó Ruairc, gearrscéalaí, úrscéalaí (fear an tí)
|