Forums » General discussion » Ócáid seolta na leabhar Buille Marfach le hAnna Heussaff agus Daoine a Itheann Daoine le Mícheál Ó Ruairc

Ócáid seolta na leabhar Buille Marfach le hAnna Heussaff agus Daoine a Itheann Daoine le Mícheál Ó Ruairc

Messages

Author Message
Ócáid seolta na leabhar Buille Marfach le hAnna Heussaff agus Daoine a Itheann Daoine le Mícheál Ó Ruairc
ClubLeabhar.com
06/09/2010 18:00:20

A chairde,

Beidh Buille Marfach le hAnna Heussaff á sheoladh ag an scríbhneoir Catherine Foley, agus beidh Daoine a Itheann Daoine le Mícheál Ó Ruairc á sheoladh ag an scríbhneoir Seán Mac Mathúna, Déardaoin, 16 Meán Fómhair, ag 7.30 p.m. in Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath 1, mar chuid d’imeachtaí fhéile IMRAM.

Scaip an scéala, le bhur dtoil, agus téigí chuig an seoladh má bhíonn deis agaibh!

Ádh mór,
ClubLeabhar.com

Buille Marfach le hAnna Heussaff
ClubLeabhar.com
06/09/2010 18:25:19

Dúnmharú agus mistéir - úrscéal nua ó údar móréilimh
Bean sínte ar bhóithrín uaigneach istoíche. Ar leithinis aoibhinn Bhéarra tá Aoife Nic Dhiarmada agus a grúpa cuairteoirí trí na chéile.
An tráthnóna dár gcionn, ionsaí as an nua; ansin faightear an corpán.
Sceon, fuadar agus fiosrú dúnmharaithe.
Téann Aoife agus an Garda Réamonn Seoighe araon i mbaol beatha de réir mar dhruideann an tóir chun buaice.
Beidh an léitheoir i ngreim ag an scéal seo ó thús go deireadh.

Bestselling author’s new crime novel in Irish
Aoife Nic Dhiarmada runs a holiday business on the enchanting Beara peninsula in the southwest.
When Tessa, one of her guests, is found unconscious on a lonely road, Aoife’s life takes a frightening turn.
A murder investigation soon follows, a media frenzy descends and ambitious Garda Réamonn Seoighe risks everything in pursuit of the killer.
A gripping story that will captivate the reader until the very last page.