Fóraim » Leabhar mhí Eanáir - Cinnlínte » Scéalta an leabhair (cuid a dó)

Scéalta an leabhair (cuid a dó)

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
Scéalta an leabhair (cuid a dó)
ClubLeabhar.com
19/12/2018 17:12:49

An raibh aon scéal ann nach raibh tú go hiomlán tógtha leis?

RE: Scéalta an leabhair (cuid a dó)
JimMcGov
31/01/2019 22:36:08

“Fágann Brian Cowen an stáitse": thóg mé ón gcaibidil sin gur cheap Deaglán de Bréadún go ndearna Brian Cowen an cinneadh ceart don tír i dtaca leis an ngéarchéim na mbanc. Is cuimhin liom an lá úd nuair a chuala mé ar an raidió go raibh an rialtas tar éis ráthaíocht gan teorainn a thabhairt do na bainc phríobháideacha. Ní raibh mé in ann mo chluasa a chreidiúint, agus is cuimhin liom a leithéid a rá le mo comhghleacaithe ag am chaife sa choláiste ina raibh mé ag obair. Botún ollmhór ab ea é i mo thuairim. Glacaim leis gur chaith Deaglán de Bréadún tamall maith ag tuairisciú ar obair Brian Cowen agus go raibh obair mhaith déanta ag Brian Cowen mar Thaoiseach agus mar pholaiteoir.